Monday 25 May 2015

Cantal

bratacha ildaite ar foluain thar an 'Rock' inniu 
Bhí mé ag gabháil a scríobh faoi thorthaí an reifrinn - an ceann ar an phósadh - ach tá sé uilig rite, reaite, ráite faoin am seo. Agus na bratacha ildaite in iarthar Bhéal Feirste faoi lánseoil, ag fógairt céim amháin eile chun na saoirse.

Bhí an sagart ag gabháil a labhairt faoin phósadh chomh maith sa séipéal inniu i mBéal Feirste. An créatúr. Bhí píosa mór fada réidh aige mar gheall ar na cosúlachtaí idir an Trionóide agus an Teaghlach (fear, bean, páiste). Is maith leis meafaireacht agus glagaireacht agus níl duine ar bith ann chun 'no' a rá leis. Ach bhí toradh gan chinneadh ann dó agus b'éigean don chréatúr an speech a bhí aige a ghearradh. Fiú m'athair, 92 agus bodhar, agus an fáth gur shiúil mé thar thairseach na háite (no, níor las mo chorp ina bhladhm pléascach ná níor bhuail Tintreach Dé mé), fiú eisean, thug sé faoi deara go raibh an sagart gearr, gonta agus cantal air inniu...


https://twitter.com/rockbarbelfast

1 comment:

Note: only a member of this blog may post a comment.