Wednesday 16 September 2015

Turas fada



Tá níos mó ná turas amháin sa saol seo ag daoine, agus níl a fhios ag duine ar bith againn caidé an t-ualach atá daoine eile ag iompar ina dturas féin. Tá an rí-ra agus an rúaille búaille ag tosú arís faoin ochtú leasú agus beidh rudaí ráite agus pléite go Lá Eoin Dic.

Tá an stair a bhaineann leis ANSEO

Tá cúpla píosa curtha agam leis ANSEO

An t-am deireanach gur scríobh mé faoin ábhar seo ná 29 Meitheamh 2015

Sin 79 lá ó shin. Tá 948 bean le seoladh baile in Éirinn i ndiaidh gabháil chuig dochtúirí agus comhairleoirí sa tír seo agus ansin chuig comhairleoirí agus clinicí i Sasana ó scríobh mé faoi seo go deireanach. 12 sa lá. 12 ban atá ag ceannach ticéidí le Ryanair agus Aer Lingus agus Flybe  agus ag fanacht ar thacsaithe agus busanna agus metroanna ar an dá thaobh. Nach maith muid?


Iarmhír.... Windows feckin' 10 - níl aireamhán agam a thuilleadh - imithe, ar lár, ar iarraidh, marbh. Bhí na méara (agus na ladhra) amuigh agam dó seo).


3 comments:

  1. Ní fiú dom mar sin windows 10 a íoslóadáil

    ReplyDelete
  2. ná smaoinigh air, a Neidí, ná smaoinigh air. Scriosfaidh sé putóga do ríomhaire agus loitfidh sé do shaol ar líne.... http://turasailse.blogspot.ie/2015/08/wiffy-agus-fuinneoga-10.html

    ReplyDelete
  3. @ 12 sa lá.

    Chuile uair a chloisim, nó a léim, faoi na turais seo, a Réaltán, ritheann sé liom go bhfuil ár leagan féin den 'don't ask don't tell' againn sa tír seo. Ochón agus ochón ó...na mná bochta..:-(

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.