Sunday 25 October 2015

An Prionsa Beag

http://www.eabhloid.com/?works=an-prionsa-beag

Leabhar gleoite is ea é 'Le Petit Prince' in aon teanga. Mar a deir Eoghan Mac Giolla Bhríde, aistritheoir an leagain seo den leabhar, is i Spáinnis ar dtús a léigh sé féin é, aistrithe ón Fhraincis. Tá go leor ama caite aige ar an aistriúchán seo thar na blianta, agus i ndeireadh na dála tá Saint-Exupéry  réidh le gabháil amach agus croithe óga agus aosta a cheansú arís. Pléann Liam Mac Cóil buanna liteartha an leabhair ANSEO

Ní hé seo an chéad leagan Gaeilge den leabhar, ar ndóigh. Tá aistriúchán ag Breandán Ó Doibhlín ó 2007. Ach seo leagan a bhainfidh daoine sult as chomh maith. Is Gaedhealg seachas Gaeilge atá ann, sé sin leagan i gcanúint Chúige Uladh, ag leanstan foirmlí scríofa na teanga mar a labhraítear í an taobh sin tíre. Tá buanna aige seo, ní amháin ó thaobh nádúrthacht na teanga de, ina nathanna agus ina bhfoirmeacha, ach beidh sé fiche uair níos fusa a léamh don pháiste sa leaba san oíche! Bhain mé féin an-sult as seo as siocair an meascán mearaí de chanúintí atá i mo chuid Gaeilge labhartha féin, i ndiaidh tréimhsí a chaitheamh ó dheas, thiar agus ó thuaidh. An dlaíóg mhullaigh agam féin ná na blianta caite sa seomra ranga le daltaí scoile nár thuig mo chuid Gaeilge, nár thuig mo chuid Béarla agus a chuir iachall orm mo bhlas is mo shnas a athrú ar mhaithe leis na stóiríní céanna a choinneáil ó bheith ag déanamh damáiste dá chéile ná don seomra ranga. 'Múin an páiste, chan an t-ábhar'...

Anois tá mé fágtha gan dúchas, ach ní gan dáimh. A luaithe is a thóg mé an leabhar bhí gach 'thoisigh' agus 'cha dtug' mo thabhairt ar ais go laethe m'óige. Bainfidh Conallaigh agus Ciarraígh - agus Connachtaígh - sult as an leabhar seo, óg is aosta. Agus lucht uchtaithe na Páile? Cuimhneoimid ar laethe ár n-óige...



Tá na léaráidí a bhí sa bhunleagan Fraincise ag an leagan nua Gaeilge seo chomh maith.

Beidh Éabhlóid - an comhlacht foilsitheoireachta - ag seoladh 'An Prionsa Beag' ag Oireachtas na Gaeilge 2015. Déanfaidh An tAistritheoir Mór (mór i gclú, mór i gcroí), an Dr. Antain Mac Lochlainn an t-aistriúchán a sheoladh.

Aoine, 30 Deireadh Fómhair,  @ 5.30
Seomra Rathcoole
Ionad Fóillíochta
Óstán Citywest


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.