Sunday, 25 October 2015

Turas aislingeach



http://www.coislife.ie/leabhar/159/aisling

Fadó, fadó, is fadó a bhí, sna nóchaidí, bhí mé ag teagasc i scoil táillí. Bhí mná rialta i mbun na scoile, is bhí cailíní ó cheantair rachmasacha ag freastal ar an scoil. Bhí clú ar an scoil as a dtorthaí scrúdaithe agus as a gcuid daltaí a threorú chuig coláistí tríú leibhéil.
Bhí mé díreach i ndiaidh cúpla bliain a chur isteach le scoil cailíní neamhtháillí i gceantar gan mórán airgid acu - an scoil ná na cailíní. Ba mhór an t-athrú é. 
Is cuimhin liom lá amháin i mo shuí sa seomra foirne ag ithe mo cheapairí in éineacht le cúpla múinteoir eile. Bhí muid ag plé difríochtaí suntasacha a thug mé faoi deara idir an scoil 'roimhe' agus an scoil 'nua.' Bhí carranna ag na cailíní 'nua', mar shampla, bhí caighdeán na Gaeilge i bhfad Éireann níos fearr, bhí féidireachta ag na cailíní 'nua' ina dtodhchaí féin nach raibh ach mar aislingí doshroichte ag na cailíní sa seanscoil. Bhí siad spreagtha chun oibre acadúla. Bhí siad in ann íoc as ranganna Dé Sathairn san Institiúid le dul ar choláiste.

'Cuireann rud amháin iontas orm, nach raibh súil agam leis.' a deirim.
'Ó?' a deir múinteoir eile.
'Sea. Níl aon toircheas gan choinne ag aon chailín sa scoil seo, go dtí seo, cibé ar bith. Sa scoil eile, bhí-'
'Ó, a chroí, an dóigh leat gur ag siopadóireacht le Mamaí i Londain a bhí siad nuair a thagann siad isteach i ndiaidh lá scoile as láthair agus a málaí Harrod's ina nglac acu?'
Suíonn tú ansin, ag cur dó agus dó le chéile. Corrchailín ag glacadh lá scoile saor, i scoil a chuireann an-bhéim ar acadúlacht. Tuismitheoirí meánaicmeacha le hacmhainní airgid. Tonn rúnda easpórtála atá ar siúl go fóill, níos mó ná fiche bliain ina dhiaidh sin.

Nuair a léigh mé an chéad chaibidil - íomhánna ann a chuir macallaí láidre den dán le Cathal Ó Searcaigh,  'Maigdiléana',  ag rith thart i mo cheann - bhí mé ar ais sa seomra foirne sin. Bhí aithne agam ar na carachtair seo. Thuig mé a gcás is a náire.

Deir an blurba don leabhar seo go bhfuil ginmhilleadh i measc na mórcheisteanna conspóideacha a phléitear sa scéal seo, ach i ndáiríre, tá ginmhilleadh ag tús, deireadh agus croílár an scéil seo.
É sin ráite, áfach, ní shlogtar an scéal beag ná mór ag ginmhilleadh. Tá go leor eile idir lámha ag Aisling, an cailín óg ar príomhcharachtar í san úrscéal seo. 

Is cuntas é go príomha ar theacht in aois chailín óig. Tá an caidreamh agus an teannas idir an déagóir is an mháthair ina phríomhthéama a ritheann síos tríd an scéal iomlán. Caitheann Aisling go leor dá cuid fuinnimh ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach óna máthair, Eibhlín, agus tarlaíonn go leor síos tríd an bhliain scoile a ndeachaigh go leor tuismitheoirí agus daoine óga tríd. Tá páirt an chailín deartha go cruinn ag an údar. Tá an mháthair rud beag dubh-agus-bán agus simplithe, agus b'fhearr liom dá mbeadh paistí liatha le feiceáil inti.

Meán Fómhair 2015

 Tá an cló mór agus ní scéal fada é, bíodh is go bhfuil go leor cor agus casadh ann. Níl mórán carachtar ann i ndeireadh na dála ach oiread - mar gheall ar a Deaid bheith ag obair thar lear agus as láthair don chuid is mó den scéal fágtar an pháirc achrainn ar fad ar fad idir iníon agus máthair, agus gan ach cúpla carachtar taca againn leis an scéal a fhorbairt.Níl a fhios agam an fearr úrscéal ná novella a chur air. 
Rud amháin a chuir isteach orm - níl cead ag duine faoi 16 taisteal ina (h)aonair le Ryanair. Agus bíonn pas de dhíth, le dáta breithe air. Léigh an leabhar go bhfaighidh tú amach cen fáth a chuireann sé isteach orm...

Bheadh sé deacair ag aon duine a rá cá seasann an t-údar,  Eilís Ní Dhuibhne ar cheist an ghinmhillte. Cuireann sí an mana 'Taispeáin, ná hinis' i gcrích síos tríd an leabhar. Níl aon bhreithiúnas ná seanmóireacht ar siúl, agus fágtar ag an léitheoir teacht chuig an scéal agus an scéal a chríochnú le cibé luachanna ata acu féin. Ní dóigh liom go ndéanfar aon athrú dearcaidh ar ghinmhilleadh mar gheall ar an leabhar áirithe seo, ach is léargas atá ann ar an turas a dhéanann mná - dosaen acu - gach lá sa seachtain. Go fóill. Cailíní óga ina measc.

Ní fios an mbeidh an leabhar seo ceadaithe isteach sa chlochar a raibh mé ag obair ann, a raibh turas mar seo á dhéanamh ag cailíní scoile ó mo chuid ranganna. Cailíní a shuigh romham agus a luigh isteach ar an tuiseal ginideach ar an Aoine i ndiaidh bheith as láthair ar an Déardaoin. An scoil nár lig 'Dialann Chaoimhe' isteach sa Roinn Gaeilge in ainneoin bheith dea-scríofa agus suimiúil do chailíní. Mar go raibh leid ann go raibh ginmhilleadh ar an tsaol (sic). Ait an mac. Agus níl aon dabht ach go bhfuil an craic ceannann céanna ar siúl sa scoil chéanna inniu, fiche bliain níos moille.

Beidh 'Aisling nó Iníon A' á láinseáil ag ArdMhéara Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh:

 Déardaoin,  29 Deireadh Fómhair 2015
Foras na Gaeilge
7 Cearnóg Mhuirfean
7p.m.


Iarmhír:
14/11/2015
Léirmheas níos iomláine ar fáil ar phodchraoladh Raidio na Life:
 Aon Scéal (9/11/15)

Souncloud > Aon Scéal > (9/11/15)





3 comments:

  1. Go raibh maith agat, a Réaltáin! Léamh maith ar an leabhar. Tá áthas orm gur thug tú an 'taispeán na habair' rud faoi deara. Dhein mé cinne sa leabhar seo gan cur isteach in aon chor ar an eachtraíocht, mar scéalaí nó tuairsceoir, ach fanacht go huile agus go hiomlán sa chúlra agus ligint dos na caractair an teama a leiriu.
    Ta do sceal fein faoin scoil agus na turasanna go Londan thar a bheith speisiuil, agus truaimheileach.

    ReplyDelete
    Replies
    1. an saol mar atá, seachas an saol mar a ba mhaith linn é a bheith - atá chaibidil anseo. Ní haon ídéal aislingeach d'Éire an lae inniu ann é, ach Aisling í fein agus a saol ar fad roimpi. An-scéal, a Eilís Ní Dh.

      Delete
  2. Fadó, fadó, is fadó a bhí,...

    Fadó, cinnte. Ach fós, is tráthúil do bhlag. Tá sé 48 bliana agus an lá inniu ó ritheadh Abortion Act Shasana. Nach cúlánta go deo na daoine roimhe sin a thacht cearta na ndaoine? Ach faoi sholas an dlí, ó shoin, dar fia, tá 8 000 000 toircheas curtha ar neamhní.

    Ní raibh cúl riamh ag an Éireannach lena bhuntaiste, mar sin, sílim go raibh Éireannach nó dhó ar an ocht milliún sin.

    Is mór agam scríobhneoireacht Ní Dhuibhne, agus má ligeas Dia liom, léifidh mé an leabhar seo.

    Fearn

    ReplyDelete