Monday 30 November 2015

Comharthaí na Nollag


Bíonn comharthaí ann go bhfuil an Nollaig ag druidim linn. Na hoícheanta fada. An aimsir gheimhriúil. Crainn Nollag i láithreacha poiblí lasta.

Fuair mé dhá theagmháil an deireadh seachtaine seo caite a chuir i gcuimhne domh gur mhithid domh tabhairt faoi chúrsaí Nollag  nuair a bhí an t-am agam, agus gan stró is strus a chur orm féin amach anseo.
Scáirt ó @CaoimheChats mar gheall ar chíste Nollag - 'an raibh sé de nós agam ceann an ullmhú mé féin?' 'Bhí, chan achan bhliain, ach rialta go leor.'
 Agus grianghraf de chuid @RoisinTG4 agus í i mbun oibre lena císte féin. Le seirí. Seirí... Is fada ó sheirí a tógadh muidinne.

Thóg mé amach gach mála torthaí tirime leath-ite sa teach. Agus málaí oscailte siúcra, idir donn agus bán. Níl fuisce ar bith sa teach againn, ach sciob mé deoch mo leaids (fásta!) agus an deoch is deireanaí a cheannaigh m'iníon dúinn in duty free...

Chuir mé na torthaí ar maos i sú liomóin agus an t-alcól aréir. Ní raibh go leor torthaí tirime agam ach bhí silíní géara i sú siúcraithe agam a rinne cúis:
 Agus na stáin chístí réidh agus ullamh:

Ar maidin, na spíosraí, an mairgairín (ní itheann duine de na leaids táirgí déiríochta = im 'ceart') agus an siúcra a d'fhág mé taobh leis an téitheoir le bheith deas bog le coipeadh.
agus iad coipthe:
agus na halmóinní caite isteach leis na torthaí:
uibheacha:
Rinne na huibheacha agus an t-im/siúcra téachtú ach is cuma faoi sin ina leitheid seo de cháca, faoin am a chaitear gach rud le chéile agus  isteach sna stáin:
 Mór an trua nach bhfuil aon pháiste sa teach leis an bhabhla a lí.... caithfidh mé tabhairt faoi mé féin...
Caife agus briosca le linn do na cácaí bácáil:
Deir na leabhair chócaireachta 3 uair nó 3 uair go leith ach ní thógann siad an oiread sin ama san oigheann atá agam, in ainneoin is an teas a laghdú. Dhá uair go leith.
Ní mór am bheith ag daoine chun cáca mar seo a ullmhú. Sin rud nach mbíonn ag go leor againn sa lá atá inniu ann. Ach ó bhuail an t-áiméar agus an t-am le chéile domh féin, beidh císte againn féin agus ceann le bronnadh ar Granda i mbliana.
 

1 comment:

  1. @ caithfidh mé tabhairt faoi mé féin...

    Tá'n saol crua...😋

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.