Saturday 26 March 2016

An Fhreaslainn ag beannú orm


Tá mé i ndiaidh theacht abhaile ó Bhaile Loch Cuan, áit a raibh mé ag scríobh ar feadh cúpla lá sular landáil an chlann anuas orm. Ceantar ina bhfuil go leor de scéalta 'Dílis' lonnaithe ann atá ann, mar cheantar Leath Chathail i gContae an Dúin.

Ach ansin landáil na 'páistí' (28 agus 26!) agus An Polaiteoir (is maith leis dul áit éigin nach bhfuil aithne air - agus bí cinnte gur beag duine a éisteann le Raidió na Gaeltachta sa bhaile céanna). As sin amach ní raibh ann ach pléisiúr, pléisiúr, pléisiúr... tá an saol crua.

Tránna...

Suímh ina ndearnadh taifead ar 'Game of Thrones' . . .


Bhí mé thar a bheith sásta leis an dul chun cinn a bhí déanta agam i rith mo chúpla lá aonair, ach níor luaithe sa bhaile mé ná fuair mé scéal ó Fhoras na Gaeilge gur thit duine amach as buíon scríbhneoirí Focail Eile agus. . . an mbeadh suim agam gabháil chun na Freaslainne go cionn ocht seachtaine, ós rud é go raibh m'iarratas acu ar an liosta?

Bhuel, anois, caidé a déarfá le  tréimhse scríbhneoireachta (agus teagaisc, ar ndóigh), i dtír eile, go cionn tréimhse? Ní mhairimid ach seal - agus nach maith mar atá a fhios agam é sin.

Ní ocht seachtaine a bheas agam féin, ó tá coinní ospidéil agam abhus in Éirinn i mí na Bealtaine, ach cinnte - beidh mé ag cur cúpla íomhá in airde anseo ón Fhreaslainn.

Ag dúil agus ag súil agus ag dréim leis go mór.

2 comments:

  1. Ag súil go mór le d'fhocla ón áit a léamh... bain sult as, a chara!

    ReplyDelete
  2. Ádh mór leis an turas, amanta tarlaíonn rudaí maithe....

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.