Thursday 21 April 2016

Harlingen

an díog, ón phort. An balla istigh.
Bhuail mé amach leis an díog a fheiceáil, an díog a choinníonn an tír seo ina thír. Bhuail an scéilín i mo cheann, an ceann a d'fhoghlaim gach páiste ar scoil nuair a bhí mé óg. An gasúr beag Ollanach (sic) a d'aimsigh poll sa díog agus a shac a mhéar sa pholl leis an uisce a choinneáil amach, sa dóigh is nach n-éireodh an poll níos mó is nach mbrisfí an díog ar fad.


D'fhan sé ansin ar feadh i bhfad. Ach tháinig muintir na cathrach i gcabhair air agus shábháil sé an baile ón Mhuir Thuaidh. Ar ndóigh, dúradh linn ar scoil gur fhíorscéal a bhí ann...

Mar a fheicfear ón nasc sin thuas (anseo, arís), rinne na Meiriceánaigh athmhúnlú ní amháin ar Shanta Klaus ach ar an Ísiltír chomh maith. Bhí mé díreach ag smaoineamh ar an scéal agus tháinig mé ar dhealbh den leaidín cróga céanna.

an díog, ag amharc anuas ar an Mhuir Thuaidh
Baile beag deas é Harlingen le lá nó dhó a chaitheamh ann, agus baile ina bhfuil go leor Frysk mar theanga laethúil go fóill, bíodh is go bhfuil sé faoi bhrú ón Bhéarla agus ón Ollainnis. Seirbhís maith traenach idir é agus Ljouwert (€11, ticéad fillte).

an nua chun tosaigh, an sean ar a gcúl.
Baile a bhí ariamh idirnáisiúnta, ar ndóigh, ó bhí impireacht ag muintir na hÍsiltíre. Tá a rian sin le feiceáil ar na seanstórais ar na canálacha a dteachaidh na báid suas chucu lena lásta a chur isteach iontu. Is arasáin agus beáir agus oifigí anois iad. Ach tá an ceantar lán go béal go fóill le báid seoil, ceangailte ar na canálacha a ritheann ar fud na sráideanna. Is cuma cá leagann tú do shúil, tá crann seoil le feiceáil.
crann seoil i lár na ndíonta
Agus ar ndóigh, ca mbeimis gan teach eile atá ar fiar sa talamh nua-shealbhuithe cúpla chéad bliain ó shin...




3 comments:

  1. Mo ghreidhn do "shiúl", a Réaltáin.

    Fearn

    ReplyDelete
  2. An-suimiúil go deo, a chara! Grma.. ☺

    ReplyDelete
  3. Cosúil le siúlóid ghasta tré bhaile i gcéin nach raibh aon eolas agat faoi roimhré ach a raibh sé d'ádh ort go raibh compánach eolach á do thionlacan a thug léargas do-dhearmadtha duit ar an áit. Maith thú a Réaltáin. Cathal Mac Coille

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.