Thursday 14 April 2016

Saol Frysk: 3


Ar mo bhealach ar ais ón siopa inniu - praghasanna mar an gcéanna leis an bhaile - iad an-tugtha d'arán deas blasta - beidh sé deacair gan géilleadh don chathú.
Thug mé faoi deara go lonnaíonn siad na boscaí poist sna tithe sna ballaí fein, seachas sna doirse.
seanbhosca poist cloiche ar chlé, ceann nua miotail thíos sa doras féin
Osclaíonn tú fuinneog bheag sa doras chomh maith, ar lá geal earraigh mar seo - chun aer a ligean isteach.

Tá sé ar nós déja vu - tá na brící céanna acu is atá againn sa bhaile ach tá déanamh na dteach an-ealaíonta ar fad. Cuireann na tithe seo píosa den ChuarBhóthar Thuaidh i mBaile Átha Cliath i gcuimhne domh - ach tá na cinn seo níos gleoite leis an iliomad gloine daite  sna póirsí - 

Na blianta rachmais ina luí ar ghuaillí anseo mar nach luíonn sa bhaile. Ní shiúlaim thar mórán bád mar seo ar mo bhealach abhaile ón siopa i mBaile Átha Cliath - 
Ach ar an taobh eile den scéal, níl tithe i mBaile Átha Cliath ar fiar mar go bhfuil an talamh thíos futhu lámhdhéanta agus tá na tithe titithe ar leataobh ar an talamh gaineamhach - nó an bhfuil...



2 comments:

  1. Cuma dheas ar an áit! Bhfuil na tithe ag titim go leataobh, i ndáiríre?

    ReplyDelete
  2. tá roinnt acu ag titim le fána (sic), cinnte.Thug me féin an ceann anseo faoi deara ar mo bhealach ar ais ón ollmhargadh, ach ta Túr gan feidhm acu i lár na cathrach, Oldehove, atá ina 'Pisa' acu féin. Eaglais a bhí le bheith mór míofar ach thosaigh sé ag titim ar thaobh amháin leathbhealaigh tríd an tógail, agus níor chríochnaigh siad é mar eaglais. Is túr anois é a théann na turasóirí in airde air le féachaint amach ar an chathair.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.