 |
Cvetka Bevc ag síniú leabhar na gcuairteoirí i Scoil na bPiarsach |
Tá nós nua ag muintir Mhic Fhionnlaoich, muintir a shíolraigh ó Chú Uladh, Peadar T. Mac Fhionnlaoich. Tagann siad le chéile uair sa bhliain i Scoil na bPiarsach i Rath Fearnáin, Scoil Éanna. Bhí mic le Peadar T. ag freastal ar an scoil, agus go leor acu páirteach san Éirí Amach i 1916 dá bharr sin.
I mbliana, bhí aoi acu ón Slovéin, Cvetka Bevc. Tá Cvetka abhus le haghaidh tréimhse cónaitheachta le
Focail Eile, an scéim Eorpach a ndeachaigh mé chun na Freaslainne leo. Tá Cvetka anseo i mBaile Átha Cliath trí sheachtain anois, agus tháinig sí linn inniu (is Mac Fhionnlaoich é An Polaiteoir) agus chuaigh sí ar thuras thart ar an teach. Agus picnic ina dhiaidh sin. Stop an fhearthainn don tráthnóna, a bhuí mhór le Mor.
 |
Cvetka sa halla |
An treoraí bocht, Alan Phelan. Rinne sé éacht inniu, ag buachailleacht na gcat. Bhí daoine ansin nach bhfaca a chéile le bliain, an t-am seo anuraidh san áit chéanna. Agus bhí siad ag cabaireacht is ag geabaireacht lena chéile le linn an turais. Agus cheartaigh siad é, cúpla uair, nuair a bhí leagan eile de cibé scéal a bhí aige cluinthe acu óna muintir féin sa bhaile. Mor idir sinn agus sliocht na réibiliúnaithe...
 |
Alan Phelan, an treoraí foighdeach |
Ach bhí go maith is ní raibh go holc. D'fhoghlaim mé go leor ó threoraí an dea-ghiúmair agus bhí an aimsir go hiontach don phicnic.
 |
Cvetka san iarsmalann |
 |
an tábla búistéara ar ar dícheannaíodh Robert Emmet, de réir na Tána |
Go mbeirimid beo ag an am seo arís.
' ag buachailleacht na gcat' - sin nath nach raibh cloiste agam, ach is maith liom é!
ReplyDeleteChuaigh mé ar a thóir ar an idirlíon, agus céard a chonaic mé ach 'buachailleacht cat' anseo ...é in úsáid ag ár gcomhbhlagálaí ar Thall is Abhus, SeánÓ...go raibh maith agaibh!
Táim ag foghlaim liom..:-)