Rónán Mac Aodha Bhuí |
Bhí muid inár suí ar bhinse ag plé feimineachais do chlár a bheas ag teacht ar TG4 faoi Rónán amach anseo. Is feimineach é Rónán, níl aon dabht ann faoi sin, agus bhí sé ag caint le Gob-ar-cíos Ní Leannáin, feimineach eile.
Bhí go maith is ní raibh go holc. Ach bhain sé stangadh as, mar Rónán, nuair a dúirt mé gur tharla gluaiseacht na mban ó 1970 ar aghaidh ó dheas, chan ó thuaidh. Bhí sé ag iarraidh a chíoradh, agus tá mé ag déanamh mo mhachnamh air ó shin. Is rud é a bhfuil mé cinnte, diongbhálta faoi, ach bhí orm suí le mo chupán tae ar maidin, éisteacht leis an ghaoth agus cuimhniú ar an tréimhse sin de mo shaol.
Cad chuige nach ndeachaigh gluaiseacht na mban i bhfeidhm ó thuaidh an oiread sin mar a chuaigh ó dheas? In ainneoin an oiread cearta 'breise' bheith ag mná ó thuaidh ag tús an tréimhse sin - teacht ar frithghiniúint, cearta airgid, cearta fostaíochta, cearta mhaoine - níor dhearna mná an oiread dul chun cinn sna sé chontae agus a chonaic mé nuair a bhog mé ó dheas sna nochtóidí.
Cad chuige seo? Tá cúpla snáth sa scéal, is dócha. Bhí 'An Chúis' (poblachtánachas/náisiúnachas) ina chuid mhór de seo, is dóigh liom. Mar sin de, 'éist do bhéal a bhean-ó agus caith chugam an gunna sin.' Ní raibh spás ann do chearta ban.
Mar gheall ar Na Trioblóidí agus An Pholaitíocht le P Mór a bhí ann ag an am, ní raibh spás ann do pholaitíocht le p beag. Ach má bhí, bhí sí suaite isteach i bPolaitíocht P Mhóir - ar nós na bpríosúnaithe i Maigh gCabraí, Bhí cearta na mban úsáideach má d'fheil sé don Chúis, ach taobh amuigh de sin bhí sé deacair dul chun cinn a dhéanamh. Bhí mná faoi leatroim, mar a bhí ó dheas, ach ina dhiaidh sin bhí siad stoite ina bpobail éagsúla - náisiúnach, aondachtach, meánaicmeach, íosaicmeach. Ní neart go cur le chéile is ní raibh aon teacht le chéile idir na pobail ach go hannamh. Bhí sé dodhéanta dul chun cinn fiúntach a dhéanamh fhad is a bhí siad ag feidhmiú taobh istigh de fhráma na dTrioblóidí. Bhí cúrsaí marthanais chun cinn seachas cúrsaí p bhig.
P Mór |
Tá mé i ndiaidh ransáil trí mo chuid dialanna - ba chailín cailíní mé, choinnigh mé dialann leis na blianta sna déaga. Thosaigh mé á coinneáil i nGaeilge chomh luath is a bhí mé in ann, ar mhaithe le príobháideachas (bhí ceathrar againn i mbuncanna in aon seomra amháin, ar nós go leor eile, agus gan ach bean amháin le Gaeilge - mé féin).
Bhí mná óga ag imeacht as radharc gan choinne. Go Meiriceá, ag obair, a dúradh os ard. Os íseal, bhí sé ráite go raibh siad curtha chun siúil chuig na mná rialta thíos faoin tír le go mbeadh páiste gan choinne acu. Scríobh siad cártaí poist agus litreacha amhail is dá mba i Nua Eabhrac iad, ach gur cuireadh trasna na dtonnta iad le cur sa phost thall, le cur i gcéill na finscéalaíochta a choinneáil beo. Ansin bheidís in ann teacht ar ais agus a gcuid 'A' leibhéal a chríochnú. Ach ní fhacthas duine ar bith acu seo riamh arís.
http://www.trekearth.com/gallery/Europe/Ireland/South/Dublin/photo1390182.htm |
Arlene Foster |
2016, gan trácht ar 1970...
*an rud is ait...
Go raibh maith agat, a Réaltán. Is mór an mhaith é go bhfuil do chuimhní cinn á roinnt agat linn, le go mbeidh fírinne an ama sin ar fáil, ó thuaidh agus ó dheas. Tá, agus bhí, mná curtha/fágtha in áit na leithphingine, go minic. Deacair é sin a mhíniú don té a cheapann/a chreideann nach amhlaidh an scéal. Is cuma fear nó bean iad, is iomaí duine atá/a bhí 'sásta' lena gcuid...cibé fáth atá leis sin, comhionannnas atá thíos leis, fós, agus faraor.
ReplyDelete