Saturday 9 July 2016

Cvetka agus Sliocht an Chú

Cvetka Bevc ag síniú leabhar na gcuairteoirí i Scoil na bPiarsach
Tá nós nua ag muintir Mhic Fhionnlaoich, muintir a shíolraigh ó Chú Uladh, Peadar T. Mac Fhionnlaoich. Tagann siad le chéile uair sa bhliain i Scoil na bPiarsach i Rath Fearnáin, Scoil Éanna. Bhí mic le Peadar T. ag freastal ar an scoil, agus go leor acu páirteach san Éirí Amach i 1916 dá bharr sin.

I mbliana, bhí aoi acu ón Slovéin, Cvetka Bevc. Tá Cvetka abhus le haghaidh tréimhse cónaitheachta le Focail Eile, an scéim Eorpach a ndeachaigh mé chun na Freaslainne leo. Tá Cvetka anseo i mBaile Átha Cliath  trí sheachtain anois, agus tháinig sí linn inniu (is Mac Fhionnlaoich é An Polaiteoir) agus chuaigh sí ar thuras thart ar an teach. Agus picnic ina dhiaidh sin. Stop an fhearthainn don tráthnóna, a bhuí mhór le Mor.

Cvetka sa halla
An treoraí bocht, Alan Phelan. Rinne sé éacht inniu, ag buachailleacht na gcat. Bhí daoine ansin nach bhfaca a chéile le bliain, an t-am seo anuraidh san áit chéanna. Agus bhí siad ag cabaireacht is ag geabaireacht lena chéile le linn an turais. Agus cheartaigh siad é, cúpla uair, nuair a bhí leagan eile de cibé scéal a bhí aige cluinthe acu óna muintir féin sa bhaile. Mor idir sinn agus sliocht na réibiliúnaithe...

Alan Phelan, an treoraí foighdeach
Ach bhí go maith is ní raibh go holc. D'fhoghlaim mé go leor ó threoraí an dea-ghiúmair agus bhí an aimsir go hiontach don phicnic.

Cvetka san iarsmalann
an tábla búistéara ar ar dícheannaíodh Robert Emmet, de réir na Tána
Go mbeirimid beo ag an am seo arís.

1 comment:

  1. ' ag buachailleacht na gcat' - sin nath nach raibh cloiste agam, ach is maith liom é!

    Chuaigh mé ar a thóir ar an idirlíon, agus céard a chonaic mé ach 'buachailleacht cat' anseo ...é in úsáid ag ár gcomhbhlagálaí ar Thall is Abhus, SeánÓ...go raibh maith agaibh!

    Táim ag foghlaim liom..:-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.