Sunday 25 June 2017

An tSlovéin ag beannú dúinn

Mé féin, Cvetka Bevc agus Áine Ní Ghlinn, Iúl 2016
An samhradh seo caite, chaith an scríbhneoir Slovéineach Cvetka Bevc tréimhse míosa anseo le Focail Eile. Léigh mé féin agus Áine Ní Ghlinn filíocht in éineacht léi. D'ith muid béilte in éineacht léi. Chaith muid am lena chéile agus chuir muid aithne ar a chéile.

Mar thoradh air seo, fuair mé féin is Áine cuireadh ó Cvetka bheith léi d'fhéile filíochta sa Slovéin i mbliana. Táimid ag gabháil! Agus a bhuíochas le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, ón Ambasáid Éireannach sa Slovéin agus ón Chomhairle Ealaíon beidh muid in ann lánsult a bhaint as an turas.

Beidh tuilleadh scéalta anseo agus muid ag dul ó Ljubljana go Maribor go Ruse. Agus as sin go ceardlann aistriúcháin ar Loch Bled, i dteach lóistín de chuid Chumann na Scríbhneoirí Slovéineacha.

Beidh sé te...


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.