Donostia |
Bhí mé ansin le col ceathrar, ar saoire, ach rinneadh an chuairt fiche uair níos fearr de bharr cairdis a rinneadh tríd an scéim scríbhneoireachta, Focail Eile. Chuir mé aithne ar an scríbhneoir Bascach, Yoseba Peña, agus a pairtnéir Elisa Itueste nuair a bhí siad abhus i nÉirinn.
Chas mé leo, mar sin, ar shráideanna Donostia. Bhí siad i ndiaidh cara a chur amach chugainn cúpla lá roimhe i mBilbo-Bilbao le turas gasta den chathair a thabhairt dúinn nuair a landáil muid ansin! D'inis siad dúinn go raibh muid ag fanacht in óstán stairiúil de chuid Euskal Herria - an Carlton. Tá bunker faoin óstán go fóill, áit a rinneadh don chéad rialtas Bascach i 1936, i rith Chogadh na mBráthar sa Spáinn. Pictiúr ANSEO
Ansin tháinig Franco...
Má iarrann tú ar José Antonio sa bheár, tabharfaidh sé síos ansin thú...
Ní bheidh sé in ann na tolláin a thochail siad ón óstán go dtí na sléibhte máguaird a thaispeáint duit, mar bhealaigh éalaithe, ach tá siad ann, leis.
Yoseba Peña ar chlé, Elisa Itueste ar dheis (an bheirt nach bhfuil marbh ag an teas) |
shílfeá gur Sliabh Liag a bhí ann... |
dinnéar leis an teaghlach |
Donostia - an trí thrá amach romhainn |
Bhí mé leath ag dúil le bille na mílte euro nuair a bhí muid ag seiceáil amach agus ba mhór an faoiseamh go raibh sé inláimhseáilte ag ár sparán!
Bhí siad chomh sásta go raibh trí fhocal Bascaise agam agus mé sásta á n-úsáid! Mar gheall ar na hiarrachtaí sin, thug bean a' tí, Conchita, oideas rúnda a císte speisialta domh. Císte ríse, a bhí sa teaghlach leis na blianta. Bhí sé go hálainn - mar a bhí an béile ar fad an oíche roimhe.
Conchita, Bean a' Tí, Irara Gorri |
Císte Amatxu:
130 gr rís bhán (gráinníní beaga, nó briste)
250 gr siúcra
craiceann liomóin
900 gr bainne (iomlán an uachtair ann)
3 ubh
pinse salainn
100 gr ime
Taos:
taos mar is mian leat a dhéanamh.
An rís a bhruith leis an bhainne ar dtús go dtí go mbeidh an bainne súite isteach sa rís. Ansin achan rud eile a chaitheamh isteach ann sa mhullach air sin.
Níl mé cinnte an ndéanann tú an taos a chócaráil sula gcuireann tú an meascán seo isteach ach bainfidh mé triail as agus déarfaidh mé libh.
180' don rud iomlán, san oigheann. Níor luaigh sí fad ama san oigheann. Bainfidh mé triail as - bhí an chíste go hálainn.
Má tá Thermomix agat, rud nach bhfuil agam, 25 bhomaite ar Luas 3 agus Teas 90.
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.