Friday 29 October 2010

Cnag



Glas ar an doras tosaigh trí urlár thíos. Glas agus slabhra ar mo dhoras-sa féin den árasán. Solas múchta, slán socair don oíche. Codladh sámh mo ghuí.


Cnag.


Cé….? Ná habair go bhfuil fadhb ag duine in árasán thíos…..ar thit siad…guthán briste…


Cnag, cnag, cnag, cnag, cnag!


Cé sin amuigh….?


‘Wud you like a banana curry?’ ar sé.


!!!!!


M’oíche chiúin, m’oíche shuaimhneach shéimh! Cé hé sin amuigh, a deirim liom féin arís? Bhuel anois…Béal Feirste, 2008, ar imeall cheantar na hollscoile… Mac léinn ar strae ó cheantar beannaithe na scoláirí? Scéimhlitheoir le AK47 ina ghlaic ag an seoladh mícheart? Ruagaire reatha ag cuartú árasáin fholaimh? Seasaim ansin le tocht coilge. Maol blagaideach ón chaemo. Na jammies flainín corcra orm, leis na spotaí buí, bándearga agus gorma breactha síos tríd. Stoc oráiste ar mo bhlagaid lena chosaint ón siorradh istoíche. Cosnocht. Ag éirí fuar agus feargach. Ligim glam tríd an doras glasáilte, slabhráilte.


‘G’way out of that! You have the wrong flat, darlin’!’


D’youse not want a banana pizza?’


Foighid ag imeacht.


‘Will I call the guards – I mean, the police?’


‘Ar mhaith leat banana pizza?’


Leibide le Gaeilge?


‘A chroí, tá an áit chontráilte agat, a deirim. Imigh leat, a phet, agus faigh an áit cheart. Níl aon chóisir anseo!’


Ach ar sé: ‘’Nár mhaith leat banana pizza, bhuel?’


Tá mé i ndeireah na feide. Trí lá i ndiaidh chaemo, níl ón chorp agus ón intinn araon ach scíste agus easpa smaointe. Bhí an boc seo ag iarraidh an dá rud a sciobadh uaim go beag, beann an oíche seo.


An raibh ceantar na mac léinn ag bogadh ó shráideannna beannaithe Iarúsaileim, na Pailistíne, Damascais agus Mhagdala go dtí an taobh eile den ollscoil? An raibh deireadh le mo thearmann suaimhnis síos an bóithrín seo?


‘Nár mhaith leat curraí banana?’


‘Tú féin is do bhananaí! Imigh, a thaisce, agus aimsigh an doras ceart! Tá mé tuirseach agus tinn. Imigh, a fhir banana!’


‘Ní maith leat bananaí?’


Chrom mé mo chloigeann leis an doras. Ok. Ní dúnmharfóir le AK47, tua ná scian féin a bhí ann, dar liom. Pótaire beag de mhac léinn a bhí ann ag an árasán mícheart. Shíl sé go raibh sé greannmhar ag rámhaillí fá phizza agus fá churraí banana, ach bhí an fhoighid tráite agam.


Bheartaigh mé fáil réidh leis. Bhí mé chun bheith cruálach, crua, ach ní raibh fonn air imeacht, de réir cosúlachta. Bhain mé díom mo stoc agus nocht mé blaosc iomlán bhlagaideach, snasta bhán. Chuirfinn faitíos air. Dá bhfanfadh sé cúig shoicind b’shin an méid, dar liom.


D’oscail me an doras. D’oscail mé mo bhéal le tabhairt amach dó….


Amach romham bhí firín beag tanaí, óg. Agus culaith gorm agus buí Bananaman air. Culaith foirfe. Culaith álainn. Réidh don chóisir. Seans go raibh an pizza damánta banana i bhfolach aige in áit ínteacht leis. Stán sé ar mo bhlagaid. Rinne sé ‘ó’ beag lena bhéal.


‘Á, á, á, g-g-gabh mo leithscéal a bh-bh-bhean uasail!’ ar sé go ciúin, stadach.


Stán mé féin air. Agus bhuail sé liom gurbh eisean an rud ba ghreannmhara a chonaic mé agus a tharla dom le tamall. Stop mé an scread cráite imo sceadamán. Agus rinne mé gáire rúnda taobh istigh. Is beag nár iarr mé air theacht isteach. Ach ní raibh d’ábhar cóisir agam ach Temazepam….


‘Right, so, a chroí. Níl aon chóisir anseo!’


‘Tchím, a bhean uasail!’


‘Inis seo dom, cen uimhir a bhí á chuartú agat?’


‘A deich, a bhean uasail.’


‘Bhuel, seo árasán uimhir a deich, ceart go leor. Cén uimhir tí, a chroí?’


‘A trí déag.’


‘Á bhuel, sin é. Seo uimhir a ceathair déag. Gáirdíní an Choláiste, an ea?’


‘Is ea.’


‘Right, so, béal dorais mar sin de. Imigh leat, a thaisce, agus isteach chuig do chóisir.’


Agus é ag triall síos an staighre chuig a chóisir béal dorais le hinse do chách faoin bhean bhlagaideach le Gaeilge in uimhir a ceathair déag, mheabhraigh mé gur aingeal beag a bhí ann, a thug ardú anama dom lena chulaith daite, i ndeireadh na dála. Agus mheabhraigh mé chomh maith, cé againn ab oiriúnaí dá chóisir bréag-ghléasta béal dorais – eisean agus a chulaith ar fostú, nó mise le mo chloigeann agus na jammies flainín corcra leis na spotaí ildaite.

1 comment:

Note: only a member of this blog may post a comment.