Sunday 30 October 2011

Críochfort 2


D'fhág mé an iníon chuig an aerfort ar maidin. Tá sí ag dul thar lear. Ní áirímid mar imirce é, ach mar leathnú ar a taithí saoil agus sos ón saol abhus. Ag teagasc Béarla in Sevilla na n-oráistí agus na Cásca? Bheinn léi, dá mbeinn an aois sin arís.

Cibé ar bith, i ndiaidh an chaife agus an chomhrá, nuair a d'imigh sí tríd na geataí, thug mé aghaidh ar an láthair páirceála arís. Snasta agus ag glioscarnaigh, geal sa dorchadas den mhaidin seo, bhí gach cuma gur áis ar fiú bheith bródúil as a bhí ann.

Ach gurb é an Ghaeilge, seans gurb amhlaidh atá. Cé a ligeann do 'pairceála' dul in airde ar fhógra uair i ndiaidh uaire ('páirceáil'?), nó '2a urlar', nó ''gach leibhéil' (ar a laghad, chuir siad an síniú fada isteach). Tá sé ar chomhchéim le 'parkings' nó '2nd flour' nó 'every levelling'. Deas nua, snasta, magúil ina dhímheas. Tá mé cleachtaithe le 'Ascal an Life' agus mé ag dul isteach go siopaí Liffey Vally, agus leis an phrácas de threorú thar na timpealláin ann, agus trí leagan de 'Leamhcán' i dtrí thimpeallán i ndiaidh a chéile. Chuir siad samhnas orm nuair a tógadh an áit. Agus is mar an gcéanna leis an aerfort, an T2 galánta againn, leis an litriú lofa ina shainchomhartha ar luach na Gaeilge in am a thógtha.

Buíochas le Mor go raibh mé chomh tuirseach sin ar a cúig ar maidin nárbh fhéidir don bhrú fola éirí ina dhúiseacht, gan bacaint le héirí in airde!

4 comments:

  1. Ní thuigim cén chaoi a n-éiríonn leo botúin mar iad a dhéanamh, a Réaltán, ach feicim iad go minic, ar fud na háite.

    Cén fáth a bhfuil Córas Creidiúnaithe d'Aistritheoirí againn mura bhfuil comhlachtaí stáit ag baint úsáide as na haistritheoirí mar is cóir?

    Maidir le d'iníon, aontaím leat gur cheart di imeacht, le cur lena taithí saoil. Go n-éirí go geal léi, agus gura fada uait aon uaigneas, a chara.

    ReplyDelete
  2. Ní thuigim. Ní thuigim ar chor ar bith.
    :-\ Céard atá orthu? Cá bhfuil an náire?
    **osna**

    ReplyDelete
  3. tá an iníon an-sásta leis an áit - siopaí uachtar reoite agus churros go fras tríd an bhaile!

    ReplyDelete
  4. Agus ní féidir churros a ithe gan chupán seacláide, te agus an-tiubh!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.