Monday 14 November 2011


Sin iad. Lucht ealaíne GMIT 2011. Ag dul amach chun tabhairt faoin saol. 

Roinnt ag leanstan leis an staidéar mar rogha, agus iad bródúil as. 
Roinnt acu ag leanstan leis an staidéar mar nach bhfuil an dara suí acu, agus maoiniú acu le tabhairt faoina leithéid. 
Cuid acu ag obair go deonach, ag súil le áit ar an bhliain seo chugainn ar chúrsa mhúinteoireachta leis an taithí sin. 
Roinnt ag obair mar a rinne ealaíontóirí ariamh, gan airgead, gan arán! 
Roinnt acu ar an dól. 
Cúpla duine ag obair in Penney's nó Dunnes nó áit eile ar phá íosmhéid. 

Roinnt acu, ar nós m'iníne, ag obair thar lear agus ag baint sult as. Ach an dtiocfaidh siad ar ais?

1 comment:

  1. Go n-éirí leo, pé conair a roghnaíonn siad. Ní fios. D'fhág móramh mo rang innealtóireachta i 1990. Cuid mhaith againn fillte, saibhir i dtaithí (ach ní in airgead i mo chás-sa pé scéal é)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.