Monday 27 August 2012

Oileán Chléire


Bhí mé ar laethe saoire istigh in Oileán Chléire nuair a chuala mé faoi dhá phíosa nuachta as Baile Átha Cliath.

Ceann amháin ná an 'Lá Hello' a bheas ann ar ball. Beidh na húdaráis ag gríosú gach duine chun 'hello' a rá lena chéile sa chathair, agus ár ngríosú chun comhrá le stráinséirí. Tá mé den bharúil go bhfuil mé ag éirí sean - seo rud a dhéanaim ag stad an bhus nó áit ar bith eile a bhfuil ócáid comhrá ann cibé ar bith. Cuireann sé aifeáltas ar mo chlann, ar ndóigh.

Chuala mé blúire ar an raidió istigh sa mB&B chomh maith, ó ealaíontóir a chuir fógra ar bhinse áit eigin sa chathair  (Baile Átha Cliath) - 'Má shuím ar an bhinse seo, tá mé ag fógairt sástachta chun comhra'.

Agus chaith mé cúpla lá ar an oileán, ag beannú do gach duine, ag comhrá le strainséirí, ag ceiliúradh an tsuaimhnis, agus ag ligean scíth. Tá siad ag cuartú daoine le dul isteach chun cónaí ann, agus is féidir dul i dteagmhail leo más mian libh tabhairt faoina leithéid.




Ag dul abhaile dúinn, bhí trí rud suntasach i mo chloigeann.

1. Is féidir an fear a thógail amach as an chathair, ach is doiligh an chathair a thógáil amach as an fhear:

2. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine, go háirithe ar oileán beag.


3. Seans go raibh Bidí agus Bilí ar mhuin na muice i rith an tsamhraidh, ach faoin Nollaig beidh a muinse istigh in oigheann dhuine éigin.




Agus mar chlár ar an phíosa seo inniu...

Ag filleadh ar an mhórthír, bhí tórramh ag dul amach thar chósta theas Inis Arcáin - an míol mór a fuair bás istigh ag Dún na Séad, á iompar amach ag an 'Barracuda Bay'.


2 comments:

  1. Cléire an áit is fearr le saoire a chaitheamh. Bhí an mórthír ó Béal Dhá Chab go Carn Uí Néid ar Nationwide an oíche cheana agus i mbeagnach gach radharc bhí an oileán le feiceáil. DAS ní oibríonn an nasc.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.