Thursday 3 January 2013

16 cent



Bhí mé ar laethe saoire faoin ghrian an Nollaig seo, ag an deartháir in Tenerife. Oibríonn sé le ESA le blianta fada idir La Palma agus Baile Tigh Mhóir Mheiriceá, ach is ar oileán Tenerife atá sé lonnaithe go pearsanta.

Chaith mé féin is mo phairtnéir cúpla lá deas ann. Laethe saoire 'an tsamhraidh' atá ann dúinn mar nach bhfuil teacht aige siúd ar shaoire go cinnte ag aon phointe eile den bhliain. Agus thángamar ar ais chuig an cheo is chuig an fhliuchas.

 Inniu, chuaigh mé amach chuig an ollmhargadh taobh linn. Bhí teanga mo mhic ar leathadh, ag tnúth le rudaí úra nár tháinig amach as an fhuaradán. Ba léir gur chaith sé an t-airgead a thug mé dó le bia a cheannach ar rudaí eile seachas bia féin féinig...

Ag siúl tríd an ollmhargadh, shíl mé ag pointe go raibh taisme tar éis tarlúint. Bhí scata daoine ann cruinn le chéile, ag féachaint i dtreo pointe lárnach. Agus mo thrálaí romham, thriall mé liom go dtí gur thuig mé go raibh siad uilig ag stánadh ar na seilfeanna 'íosmharcáilte' . Tá ceithre sheilf istigh san ollmhargadh a chuirtear bia ann a mharcáiltear síos an praghas ann. Tá an bia ar na seilfeanna seo uilig i gcontúirt imeacht 'as dáta', ach tá an bia féin gan chaill.

Chuaigh mé féin an bealach sin mar is ansin a thógaim go leor le bolg an mhic an líonadh - píógaí agus feoil agus píosaí eile a chuirim isteach san fhuaradán láithreach. Bíonn an t-ábhar uilig go breá ach gur gá é uilig a ithe láithreach nó a shiocú. Rud a dhéanaim. An oíche áirithe seo, thóg mé píógaí indibhidiúla (13 cent an ceann), hummus (90 cent ar thrí phota beaga), bradán (laghdaithe ó 4 euro go 3 euro) agus arán (laghdaithe ó 1.99 go 16 cent) ó na seilfeanna céanna.

Pé scéal é, thug mé spléachadh ar ar scata a bhí cruinn ar na seilfeanna. Fir sna tríochaidí ón mheánoirthear, mná óga sna fichidí, seanbhean agus cóta trom maith uirthi. Bhí siad ag fanacht ina staiceanna an chéaduair gur bhain mé an áit áirithe seo amach agus bhí siad ansin fiche nóiméad níos moille nuair a bhí mé réidh agus ag díriú ar an scipéad le híoc as mo phíógaí, mo rollaí leithris, mo channaí pónairí  agus mo chuid aráin.

Mo mhac a mhínigh é. Bhí siad ag fanacht ar na praghasanna titim níos ísle, rud a tharlódh go rialta i rith na hoíche. Nó ar earraí nua teacht ar na seilfeanna ar phraghasanna laghdaithe. Agus ag an phointe gur mheas siad nach dtitfeadh na praghsanna níb ísle nó nach dtiocfadh a thuilleadh earraí úsáideacha ar na seilfeanna an oíche sin, thógfaidís cibé a bhí uathu.

Ach bhí siad sásta fanacht ansin ar feadh píosa. B'shin an rud nua a chonaic mé anocht. Tá daoine sa tír seo chomh bocht sin in airgead agus chomh saibhir sin in am is go bhfuil siad sásta fanacht is fanacht is fanacht ar phraghasanna titim go leibhéal cuí. An t-arán a chaití isteach in araidí móra bruscair ar chúl an tí tá sé ar díol anois ar chúpla cent. Bhí mo bhuilbhín bhocht ró-dhaor do na daoine seo ar 16 cent. Agus mise ag déanamh go raibh sladmhargadh agam agus bolg mo mhic líonta ar feadh scáthaimh ar an 16 cent sin.


Chuir sé seo an Spáinn i gcuimhne dom. An Spáinn ina dtéann gnáthdhaoine ag cuartú bia sna haraidí bruscair ar na sráideanna. An Spáinn ina ngoideann seandaoine bia ó tháblaí an tsaibhir i Málaga. Is Spáinnigh muid anois. Bearna idir saibhir is daibhir nach ceart bheith ann. Mo náire muid.

4 comments:

  1. chomh bocht sin in airgead agus chomh saibhir sin in am Bhabh. Cur síos gonta ar an saol atá acu.

    ReplyDelete
  2. Sin an fáth go bhfuil fógraí déanta ag SafeFoods ar na busanna i láthair faoi uachtar as dáta, agus feoil as dáta.

    ReplyDelete
  3. An t-aon splanc dóchais san scéal nach bhfuiltear ag caitheamh bia inite sa bhruscar nó ar a laghad nach bhfuil an oiread de á chaitheamh sa bhruscar.

    ReplyDelete
  4. @ Cur síos gonta ar an saol atá acu.
    @ Bearna idir saibhir is daibhir nach ceart bheith ann

    Aontaím.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.