Wednesday 16 January 2013

Praghas drugaí



Tá litir fhada chasta ó phríomhoifigeach an IPHA (Irish Pharmaceurical Healthcare Association) san Irish Times an Luan seo caite (14 Eanáir 2013), ag míniú cén fáth an bhfuil costas drugaí chomh daor sin. Déanann sí cás maith. Agus chreidfinn í, ach gurb é go raibh mé in Tenerife na Spáinne thar an Nollaig.

Ní rabhamar ann lá amháin, fiú, an céile is mé féin, nuair a chuimhnigh sé nár chuimhnigh sé ar cúpla druga a thógann sé anois is arís. Caithfidh sibh a chur san áireamh go ndéanann Sé Féin pácáil do thuras taobh istigh de thríocha soicind. Ní nach ionadh go mbíonn nithe fágtha ar lár aige. An t-aon ionadh atá orm ná go mbíonn a phas leis ag an aerphort.

Chuamar a lorg cúpla rud a bhí de dhíth air, mar sin, an Lá grianmhar Nollag féin. Bhualamar isteach chuig an phoitigéir agus mhíníomar ár gcás (idir mo chuid Spáinnise agus a chuid Béarla ní raibh fadhb ar bith againn), ná drugaí a bhí iontu a fhaightear anseo in Éirinn le hoideas dochtúra.

Fadhb ar bith. Thar an chúntar. Ní raibh ceann amháin acu (an branda féin) ach an ndéanfadh an leagan cineálach cúis? Dhéanfadh, cinnte. Agus ansin tháinig an bille. Fiche euro. €20.  Rinneamar gáire os ard. Agus ansin mhíníomar don phoitigéir a bhí ag stánadh orainn go gcosnódh an leigheas céanna céad euro (€100) sa bhaile. Níor mhíníomar go gcaithfimis freastal ar an dochtúir chomh maith ( €55) le hoideas a fháil.

LoSec i mBaile Átha Cliath le hoideas: €50 
Leagan cineálach de LoSec sa Spáinn thar an chúntar: €2 

An t-análóir asma i mBaile Átha Cliath le hoideas: €50
An t-análóir ceanann céanna sa Spáinn  thar an chúntar: €18


Airgead iomlán sa Spáinn: €20
Airgead iomlán in Éirinn, cuairt dochtúra san áireamh leis an oideas a fháil: €155

Mar nóta: níor thairg aon phoitigéir in Éirinn leagan cineálach de LoSec dúinn ariamh.







3 comments:

  1. Creid nó ná creid, tá an costas leighis ar cheann de na príomhchúiseanna nach féidir le h-eisimircigh filleadh abhaile.

    ReplyDelete
  2. chreidfinn é, a chara. Ní amháin praghas an leighis ach na cuairteanna dochtúra, árachas sláinte, seirbhísí fisiteiripe srl. Agus is nuair nach bhfuil tú ag saothrú airgid nó tá ort éirí as an onair a tharlaíonn an costas seo ar fad, i dtaca le holc. Beidh le feiceáil amach anseo cad a tharlaíonn leis an seirbhís ospidéil anseo, ná níl daoine ag athnuachaint a bpolasaithe mar a bhí, agus tá siad ag bogadh go dtí an seirbhís 'poiblí'sna hospidéil. Muna réitítear costaisí tuarastaíl (na ndochtúirí agus an leighis )titfidh an córas as a riocht.

    ReplyDelete
  3. @ go ndéanann Sé Féin pácáil do thuras taobh istigh de thríocha soicind

    Bhabha! 10 soicind níos gasta ná m'fhear féin!

    Maidir le praghas na ndrugaí, ní chuireann sé iontas ar bith orm go bhfuil siad chomh daor sin sa tír seo - chuile dhuine ag iarraidh cuid den bhrabús, shílfeá, agus an praghas ar ardú dá réir sin.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.