Friday 15 February 2013

2228 radharc ar Rhys


Beidh Dennis thar a bheith míshásta liom. Tá mé chun na geataí a chur in airde arís in éadan lucht tráchtaireachta. Beidh oraibh a chruthú nach meaisín sibh anois chun trácht a fhágáil arís.

An fáth? Postáil a rinne mé anuraidh ar Rhys Morgan. Tá sé ag tarraingt tráchtanna chuige nach tráchtanna iad, ach bruscar le suíomh idirlín istigh i lár báire nó ag deireadh, ag fógairt cearbhachais nó a leithéid. Téim isteach ann gach cúpla lá chun iad a scrios.

Bain anuas a postáil sin, a deir sibh? Ach ansin bheinn ag géillstin don chinsireacht de chuid cibé páirtí atá a dhéanamh. Ní de thaisme atá siad ag díriú ar an phostáil ina bhfuil an leáidín seo luaite, dar liom. Lucht tobac, an dream is mó a thagann chun cuimhne, nó lucht na clinice Burzynski, b'fhéidir.

Cibé ar bith, ar phostáil neamhurchóideach amach is amach, tá 2,228 gcuairt déanta air ó cuireadh in airde é. Meaisíní is mó, déarfainn, as an Iorua (de réir Blogger).

Tá mé buartha, a Dennis, ach tá na geataí ag druidim arís!

2 comments:

  1. Bhí mé féin curtha soir ag an truscar, freisin, a Réaltán - geataí druidte anois. Ah bhuel, tá neart geataí oscailte thall in Twitter..:-)

    ReplyDelete
  2. nach iontach an rud é 'google translate', agus 'tobac' agus 'ailse' luaite ar an aon phostáil amháin.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.