Saturday 13 April 2013

Leabhair, léine agus leigheas


Ag teacht abhaile ó chuairt ar an seanphéire i mBéal Feirste inné, bhuail mé féin is an iníon isteach go hIonad Outlet Droichead na Banna. Ionad a dhíolann go leor earraí ar phraghasanna sladmhargaidh is ea é.
Faisean na bliana seo caite? Ansin, ar lascaine 70%. Mar nach bhfuil faisean á leanúint agam bíonn an iníon in ann a rá liom gur mar seo a oibríonn siad.
Dathanna na bliana seo caite ar na  héadaí uiscedhíonacha? Rugadh agus tógadh le glas, glas, glas agus dubh mé le cótaí uisce agus buataisí rubair. Nach cuma sa tsioc liom cén dath atá ar chóta uisce fhad is go dtaitníonn an dath sin liomsa?


Níl an chosúlacht air go bhfuil cúrsaí ag gabháil go ró-mhaith ar an aimsir seo - tá leath na n-aonad druidte. Dhruid a leithéid d'ionad i Ráth Domhnaigh cúpla bliain ó shin, agus tá na cinn eile breactha ar fud na tíre thuaidh agus theas i dtrioblóid chomh maith. Tá cúrsaí eacnamaíochta chomh holc sin is go bhfuil praghsanna íslithe sna gnáthshiopaí sna bailte, agus níl gá le hionaid ar leith chun teacht ar mhargadh anois.

Ach ó tharlaíonn an tIonad seo ar an mhótarbhealach idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath, is stop áisiúil é le haghaidh cupán tae, siúlóid bheag agus folmhú pócaí má fheicim 'margadh'.



Cheannaíomar trí rud (seachas an tae) inné.

Leabhair. Trí leabhar ar cúig phunt. Ceann don iníon, ceann domhsa agus, bhuel, ceann eile domhsa. Tugadh an trí leabhar dúinn agus níor tairgíodh aon mhála dúinn. Bhí seo ait, mar roimhe seo ba ghaiste na hearraí i mála plaisteach acu ná a mhalairt. PlasticbagLandia a thugaimis ar an tuaisceart, mar gheall ar na málaí bheith chomh flúirseach agus saor in aisce leis. Agus ó tharla go bhfuil airgead le híoc ar na málaí plaisteacha ó dheas le roinnt blianta anuas bhíodh málaí téigeartha faoinár n-ascaill againn cuid mhaith den am, réidh don tsiopadóireacht, díreach mar a bhíodh i m'óige.
Ansin chuimhníomar go raibh cáin nua le híoc ag custaiméirí ar mhálaí plaisteacha ó thuaidh. Shiúlamar linn, na leabhair inár nglaic againn, ag déanamh iontais nach raibh aon mhála acu ar chor ar bith sa siopa. An mala téigeartha againn ina luí sa bhúit sa charrchlós.

Leigheas. Bhuel, piollaí ola choinnle oíche. Arís, níor tairgíodh aon mhála dúinn agus bhí na lámha lán ag teacht amach as an siopa dúinn. Chuaigh an iníon chuig an charr leis na rudaí éagsúla a chur sa bhúit, iad ag titim amach as na pócaí agus na lámha aici.

Léine. Cheannaigh mé léine i siopa eile. An raibh sé de dhíth orm? Nah. An raibh sé uaim? Sin ceist eile. Ach thairg siad mála dúinn agus thosaigh an comhrá faoin rialachán nua cúig phingine atá ar mhálaí anois. Chuir siad i gcuimhne dúinn nach málaí plaisteacha amháin atá i gceist, ach málaí páipéir chomh maith.

Ach ní mhíníonn sé sin nach bhfuil málaí á dtairiscint ar chor ar bith dúinne, mar na bómáin a fhágann na málaí i mbúit an chairr - rud a dhéanaim go minic má tá mé ag bualadh isteach go dtí an siopa áitiúil le haghaidh builín aráin - agus tagaim amach le harán, cibé 'tairiscint speisialta' atá acu agus buidéal fíona (in amanna bíonn an lá crua, bíodh a fhios agaibh).

Agus ansin, an cupán tae.


R.I.P.PlasticbagLandia

4 comments:

  1. Cuireadh deireadh iomlán leis na málaí plaisteacha sna hollmhargaí in Seattle níos lú ná bliain ó shin. Tá málaí páipéir ar fáil ag 5¢ an ceann.

    “piollaí ola choinnle oíche” - ola kukui? Tá buidéal den ola sin agam le haghaidh craiceann tirim. Is féidir beagán de a ithe, ach bíonn buinneach ar an té a itheann a lán de (a dúradh liom in Hawaii mar ar cheannaigh mé é). Piollaí?

    ReplyDelete
  2. b'shin an téarma a fuair mé le haghaidh evening primrose oil in focal.ie. Úsáideann m'iníon é don chraiceann. An taobh eile den chorp!!!
    5 phingin sterling ar gach saghas mála - páipéar nó plaisteach - ó thuaidh anois.
    Ó dheas, 22 cent ar mhálaí plaisteacha, ach ceann páipéir saor in aisce. Tá búit mo chairr lán málaí téagartha déanta as éadach - mar a bhíodh againn agus mé óg.

    ReplyDelete
  3. Ola ó shíolta an phlanda. Deir an suíomh Meiriceánch seo go bhfuil sé “possibly ineffective”, áfach:
    http://www.nlm.nih.gov/medlineplus/druginfo/natural/1006.html
    “In Britain, evening primrose oil used to be approved for treating eczema and breast pain.”

    ReplyDelete
  4. Níl aon reachtaíocht ann fós sa Ghearmáin i dtaca le ceist na málaí plaisteacha ach ní fhaightear iad saor in aisce ach an oiread sna siopaí le roinnt blianta anuas. De ghnáth cosnaíonn siad 10 cent an ceann. Bíonn na malaí páipéir saor in aisce, áfach.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.