Friday 8 November 2013

Lón sa charrchlós


Rinne mé páirceáil i gcarrchlós an ollmhargaidh taobh liom an lá faoi dheireadh agus rith isteach chun cúpla teachtaireacht a fháil. Arán, cáis, comhábhair anraith. Bhí an ghrian ag soilsiú agus an clós pacáilte le carranna. Bhí carr bán dírithe ar mo cheannsa, an dá bhoinéad gar dá chéile, agus fear óg ina shuí ann, ag éisteacht leis an raidió. Go maith, arsa mise liom féin. Ag fanacht ar dhuine éigin sa siopa atá sé. ag fanacht ar a rolla líonta le muiceoil agus cálslá atá sé.  Beidh sé imithe faoin am a dtagaim ar ais agus ní bheidh orm cúlú amach as an spás páirceála (mná, cumas spásúil? i mo chás-sa féin, tá sé fíor). Beidh mé in ann tiomáint amach díreach tríd an spás aige siúd.

Gnoithe déanta agam, phill mé ar an charr le mo cheannann is mo chairéidí. Shuigh mé isteach sa charr agus bhuail an guthán póca, agus chaith mé cúpla bomaite ag caint le cara. Bhí an carr bán ann fós, a mheabhraigh mé.

Agus mé ag geabaireacht liom, tchím cloigeann mná óig ag éirí aníos ó ghlúin an tiománaí sa charr bhán. Suíonn mo bhean chóir agus cóiríonn sí a gruaig fhada dhubh sa scáthán. Mise ar an ghuthán, ag trácht ar a luaithe is atá an Samhain thart tá na maróga Nollag ar na seilfeanna sna siopaí.

Déanann tiománaí an chairr bháin is a chomrádaí comhrá ar feadh cúpla soicind. Ansin éiríonn sí amach as an charr aige siúd agus isteach léi i seanMhicra gorm atá páirceáilte taobh leis. Íslíonn siad beirt na fuinneoga agus caitheann siad cúpla focal lena chéile. Gáire. Aoibh orthu beirt. Cad chuige nach mbeadh? Beag beann orm féin - focail stadaithe ar an ghuthán agam - ná ar éinne eile sna carranna thart orthu. Cúlaíonn siad beirt amach as na spásanna páirceála acu agus away leo cibé cén áit a raibh a dtriall.

Buíochas mór le Mor, d'fhág siad an spás ansin romham folamh. Ní raibh orm cúlú.

5 comments:

  1. Úm! Cad é an Ghaeilge ar Dogging?


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Hmmm...ag an ollmhargadh...ag sliopadóireacht, b'fhéidir...

    ReplyDelete
  3. sliopadóireacht! Ar fheabhas!


    Fearn

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.