Thursday 13 March 2014

Rith nó siúl



Bhí mé an-mhaith ar fad ar an chéad lá den bhliain nua i mbliana. Bhí mé chun mo chorp a chur ar ais ina riocht agus mo shaol chomh maith. Mar chuid den phlean mór chuir mé ríomhphost chuig Rith 2014 ar an chéad lá d'Eanáir ag tairiscint mo sheirbhísí le cuidiú leis an chúrsa reatha nuair a bheadh sé ag dul trí mo bhaile féin anseo. Maor uisce, b'fhéidir, nó scáirt-amach-go-hard-chun-an-mhuintir-reatha-a-anamú, b'fhéidir. Ar a ceathair a' chlog ar maidin. Mar a tharla, níor tháinig siad ar ais chugam agus tharla rudaí eile i mo shaol ó bhí La Coile ann agus d'fhan mé te teolaí sa leaba ag an am cuí.

Deirtear go bhfuil dhá shaghas ar an domhan seo - lucht reatha agus lucht-nach-reatha. Titim sa dara catagóir. Siúlaim.  Ach deirtear liom go bhfuil an rith insroichte má thugann tú faoi ar an dóigh ceart. Mar sin de, chláraigh mé leis an scéim a bhí ag an Irish Times chun daoine a chur amach ansin faoin aer, ag rith. Ocht seachtaine. Rinne mé seachtain amháin. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn...

Ach siúlaim. Siúlaim faoin aer i bPáirc an Fhionnuisce agus siúlaim ar an mheaisín sa gym.


Agus tá mé chun triail a bhaint as an tsiúl lochlannach - siúl le bataí. Is cosúil go ndéanann an saghas siúil sin maith don ghualainn a ndearnadh sceannairt uirthi. Ní bheidh mé chomh galánta, lúfar, álainn leis an phictiúr thuas a sciob mé ó chlub anseo, beidh mé beag, ramhar agus dearg san aghaidh. Ach beidh me á dhéanamh! Beidh le feiceáil.

3 comments:

  1. Go dté do chuid choisíochta ina leas sochair dhuit, a dhéarfiúr!


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Wúhú! Maith thú, a chara - go n-éirí go geal leat

    p.s Má bhíonn siúlach scéalach,,;-)

    ReplyDelete
  3. Is iontach an rud é an choisíocht. Go n-éirí go geal leat.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.