Wednesday 16 July 2014

An tAire




Bhí an tAire gan náire ag gáire ag an fhaire i nDoire aréir... bhuel, seans nach raibh. Ach ní raibh Joe McHughHeather Humphreys ná aon Fhine Gaelóir eile le feiceáil ag an léirsiú inniu taobh amuigh de Roinn an Taoisigh mar gheall ar  na hAirí nua sa Roinn-Gaeltachta-gan-na-focail-chuí-acu.

Bhí na paparrazzi ann.



Bhí seanfhundúirí na Gaeilge ann 


... agus ógfhundúirí chomh maith.



Bhí an ghrian ag spalpadh anuas orainn.



Bhí dea-ghiúmar ar gach éinne.



Ach níor nocht an tAire Sóisearach  ná an tAire Sinsearach ná an Taoiseach a gcloigeann.



A thiarna, éist linn. Mar ní éistfidh Enda.

4 comments:

  1. Go raibh míle maith agat, a chara! Fad is a mhaireann an greann againn, táimid láidir!

    ReplyDelete
  2. Nach mbeidh na cluasáin ateangaireachta ag cuidiú leis? Nó b'fhéidir go bhfuil beagán Gaeilge ag Manuela Spinelli agus go bhféadfadh sise ateangearacht a dhéanamh dó.

    ReplyDelete
  3. Ní fiú
    McHugh
    clog
    gan teanga
    ná cupán
    gan chluas.

    ReplyDelete
  4. Buíochas le Dia nach ligtear cead bealaigh ag an rialtas gan éamh agsu scread.
    Tá mo spiorad in éineacht leis an léirsitheoirí.

    Fearn

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.