Wednesday 6 July 2016

An Chailleach


Chuir mé seachtain isteach ar Cheann Béara, an tseachtain seo caite. In ainm is a bheith ag scríobh. Ach bíonn briseadh de dhíth ar an oibrí, agus d'éalaigh mé amach go rialta ar fud na leithinse. Mar gheall ar nach raibh mé ariamh an taobh sin tíre, mar Bhéara, bhí neart rudaí nua le suntas a chur iontu, mar a mhínigh mé sa phóstáil roimhe seo. Is maith liom cuairt a thabhairt ar iarsmaí ársa (aithníonn ciaróg aosta ciaróg aosta eile, mar a déarfadh mo chlann liom). Tá Béara ag cur thar maoil le hiarsmaí - tá seanchlocha gach áit, i bhfoirm liogchiorcail nó crann oghaim nó cille. Go fiú toibreacha muimhneacha, is teampaill bheaga cloiche iad, tógtha go cúramach thar an fhoinse bheannaithe uisce.

Ach ní déantúsán daonna í an Chailleach Bhéara, cloch a shuíonn ar ardán féarach. Níor ghreann aon fhear, bhean ná pháiste a cruth. Tá sí mar a rinne fórsaí an tsaoil í, oighear agus gaoth agus fearthainn. Is í an Chailleach an iarsma is mó a chuaigh i bhfeidhm orm as measc na n-iarsmaí ar fad ar Bhéara.

Is é an traidisiún beo beathaíoch a chuaigh i bhfeidhm orm, tairiscintí beaga a fhágáil don bhandia - ar nós an bhuachaill bhó thuas - ag súil le comhlíonadh mianta, nó le suaimhneas intinne, nó tógáil céine. Tá daoine ag triall uirthi leis na cianta agus tá siad ag triall uirthi go dtí an lá inniu.






Chuir mé mo láimh amach gan smaoineamh len í a chuimilt nuair a tháinig mé a fhad léi. Ní chreidim i ndia, i mbandia, tuar cártaí ná criostail, ach bhí uaisleacht ag baint léi seo. Bhí na comharthaí sóirt ina luí sa mhullach uirthi, fána cosa agus ar an fhéar thart uirthi, comharthaí sóirt go raibh fórsa beo ar obair i bhfoirm creidimh.


Chuaigh mé ar ais chuici lá eile agus mhothaigh mé an fócas creidimh seo arís. Tá a fhios agam nach bhfuil ann ach cloch a d'fhág oighearshruth taobh thiar di - ach nach iontach na scéalta atá cumtha thart uirthi, agus an creideamh docht daingean atá ag dul di fiú sa lá atá inniu ann. Ní chreidim i ndéithe ná i mbandéithe go fóill - ach creidim sa Chailleach.



2 comments:

Note: only a member of this blog may post a comment.