Wednesday 22 January 2020

Lá Idirnáisiúnta na mBan 2020



Le ceithre bliana anuas bhí ócáid léitheoireachta ar siúl i dTeach an ArdMhéara i mBaile Átha Cliath. Bhí mé in ann an chéad cheann a rith le cuidiú ón ArdMhéara reatha, Críona Ní Dhálaigh, ar 8 Márta 2016. Bhí an tArdMhéara i 2018, Micheál Mac Donncha, an-fhlaithiúil chomh maith.

Ach tá sé in am ag bean eile an cúram seo a thógáil uirthi féin. Dúshlán don aois in a bhfuilimid. Cuireadh maoiniú ar fáil ó Fhoras na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Seachtain na Gaeilge agus IMRAM. Bhí mé buíoch as gach pingin ach i ndeireadh na dála tá tuilleadh maoinithe de dhíth, le nach mbeidh léitheoirí ag fanacht thar oíche le cairde nó le gaolta, sa dóigh is gur féidir costaisí cearta a íoc le daoine. Agus sa dóigh is gur féidir lónadóireacht cheart a chur ar fáil don ócáid, muna bhfuil ArdMhéara i bhfeighil nach bhfuil chomh báúil leis an Ghaeilge is a bhí an bheirt thuasluaite.
Cuirim i gcás 2017 agus 2019.

Gabhaim buíochas le gach bean a léigh agus a d'éist ag na hócáidí seo. Gabhaim buíochas leis na heagraíochtaí a d'aimsigh suimeanna leis na léitheoirí a íoc. Gabhaim buíochas leis na ceoltóirí a bhí sásta ceol a chur ar fáil gan aon íocaíocht an chéad bhliain, ach go bhfuarthas an táille daofa  i ndeireadh na dála. Bhí na léitheoirí sásta gan aon íocaíocht a ghlacadh ach oiread, ach ní mar sin ar cheart a bheith.

Anois, a mhná, in am ag bean nó ag dream eile leanstan leis...

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.