Friday, 31 October 2014

An tSamhain is an t-Úll




Bhí mé amuigh leis an chiorcal scríbhneoireachta aréir le haghaidh deochanna na Samhna. Drochsmaoineamh inniu. Nuair ba cheart dom bheith ag tabhairt faoi scríobh inniu ní raibh mé in ann...

Mar sin de, thug mé faoi chúrsaí Samhna. Toirtíní úll. Ach tá beirt sa teach nach dtógann aon rud a bhfuil táirgí bainne ann agus duine acu nach n-itheann cruithneacht.Mar sin de d'úsáid mé speilt agus ola.




D'ullmhaigh mé  na húlla ar dtús.




An taos ina dhiaidh sin. Níor úsáid mé speilt ariamh roimhe. Nóta don chéad uair eile: tuilleadh uisce agus ola ná mar a úsáidim le gnáthphlúr. fiú i ndiaidh leathuaire san fhuaradán bhí an taos sobhriste, briosc.


Chuir mé liomón agus cnónna mionaithe isteach i roinnt den taos. Rinne sé seo difir mór agus thug sé blas sa bhreis don taos. Nóta! Cuir breis siúcra agus slann i dtaos speilte thar mar a chuirfeá isteach i ngnáthphlúr.


Tá an dath níos dorcha ná gnáthphlúr bán, ar ndóigh, ach ní raibh caill ar an bhlas.



Agus os rud é go raibh úlla milse againn, rinne an mac jab leis na briogúin a bhí fágtha sa chófra ón bharbiciú sa samhradh. Mar ní raibh muid in ann teacht ar chipíní oiriúnacha in aon siopa. Múineann gá seift...


Agus mo bhuíochas don chara a thug cuairt inniu agus bronntanas léi. 



Thursday, 30 October 2014

Oícheanta fada, laethe gearra



Is fuath liom an dorchadas an t-am seo bliana. Tuigim go rí-mhaith cad chuige an raibh oíche mhór siamsaíochta ag ár sinsir, gur las siad tinte leis na scáthanna a choinneáil amach uainn. Mothaím na vitimíní ag sileadh amach asam de réir mar a éagann an solas lae, beagán ar bheagán.



Ach is breá liom Oíche Shamhna in eastát cathrach - tagann na céadta páistí óga thart ar na doirse, gléasta chun iad féin a choinneáil sábháilte ina mbréagriocht ó na neacha osnádúrtha a thaithíonn an domhan an t-am seo bliana. An domhan s'againne insroichte, so-ionsaithe.

Cuirim coinnle amach chun fáilte a chur roimh na páistí seo, sula mbuaileann siad cnag ar mo dhoras, comhartha siombólach ar an bhearna idir an domhan nádúrtha agus an domhan osnádúrtha. Bíonn an bhearna seo tanaí, cúng agus caol an oíche seo.  Tagann na páistí thart ag iarraidh féiríní milise, iad go gleoite is tógtha, gach gáir astu.

Ní hionann an chathair agus an tuath, ar ndóigh.  Ní fheadar an bhfuil éinne thart fá Bhun Cranncha i nDún na nGall? Bhí mé ar cuairt ansin i rith an tsamhraidh agus bhí mé an-tógtha le Swan Park.



Tá doirse beaga curtha ar roinnt de na crainn chun 'bealach na síógaí' a chruthú.



Beagán costais, mórán éifeachta.




Páistí ar cipíní le geidín is giodal. Maith iad. Beidh an siúcra ag fanacht libh ag mo theachsa.

Lá na Samhna, Guatemala

Agus ní hionann an fhéile i dtír amháin agus i dtír eile, ar ndóigh. Tá bealach ar leith ag gach cultúr dul i dteagmháil leis na mairbh. Thuas thuas thuas in airde sa spéir in Guatemala, nó istigh go domhain sa tsiúcra agus sa bhia i Méjico.

An tSamhain, Méjico



Tuesday, 28 October 2014

An traein mhall 2




Tháinig traein an rogha ó Bhéal Feirste inniu - go mall, leis an fhearthainn agus leis an aimsir stoirmiúil. Ach bhí scaifte againn ag  fanacht uirthi ar chéimeanna Stáisiún Uí Chonghaile. Bhí siad ag tógáil piollaí ginmhillte thar an teorainn ar bhonn dleathach nach bhfuil cead dleathach iad a fháil sa phost ná ó dhochtúir anseo. Níl na piollaí sin ar fáil ar na taobh eile den teorainn ó thuaidh ach an oiread ach is féidir iad a fháil tríd an phost ón chuid eile den Ríocht 'Aontaithe' gan aon agó. £90. Agus is féidir dul i dteagmháil le https://www.womenonweb.org/




Tháinig siad tríd na geataí agus isteach sa phríomh-halla



Ceann de na manaí is fearr liom - arán agus rósanna -  ina mhana acu féin - 


Shlog siad siar na drugaí atá ag déanamh imní don rialtas ach a bhfuil glacadh leo ag WHO (An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte) agus rinneadh an speechifying.



Bhí an stoirm thart. A bhuí le Céard. Bhí sé in am agam siúl a dh'obair.




Saturday, 25 October 2014

An Traein Mhall



Má tá an traein mall féin, tiocfaidh sí chuig ceann scríbe am éigin. Tá mé cinnte de sin. Múineann gá seift.

Má tá tú saor Dé Máirt i mBaile Átha Cliath, bí ag Stáisiún Uí Chonghaile. 2.30.

Ag aithris traein na frithghiniúna a chuaigh go Béal Feirste sa bhliain 1971 chun coiscíní a thabhairt ar ais  trasna an teorainn  'éireannda'  go Baile Átha Cliath - rud a bhí mídhleathach sna laethe sin - beidh léirsiú ag an stáisiún traenach arís an Mháirt seo chugainn.


http://www.ifpa.ie/About-Us/Caroline-de-Costa

Léirsiú in éadan an chosctha arís. Chan frithghiniúint an iarraidh seo, ach an cosc atá ar an phiolla ginmhillte. Faoi láthair, níl ach druga amháin as an dá dhruga atá ar fáil i dtíortha eile an domhain dleathach anseo  Misoprostol agus Mifepristone an dá dhruga a úsáidtear le chéile. Misoprostol an druga atá dleathach anseo. Is féidir é a fháil is a úsáid agus oibríonn sé leis féin in  85%  de na cásanna. Ach is fearr an dá dhruga a úsáid in éindí lena chéile.

Faoi láthair, tá mná in ann dul trasna go dtí an Fhrainc nó an Bheilg nó cibé áit eile san Eoraip a bhfuil na drugaí seo ar fáil, iad a cheannach agus iad a thógáil isteach go pearsanta agus go dleathach chun iad a úsáid anseo. Mar tá na drugaí chomh sábháilte leis an LoSec agus leis an ionanálaitheoir asma a thógaim féin isteach ón Spáinn do dhaoine eile (tá siad i bhfad níos saoire thar lear).

Ach ní féidir an dara druga a fháil ó dhochtúir nó ó phoitigéir anseo. Mar sin de tá gá le seift. Is féidir iad a ordú ar an idirlíon. Go teicniúil, tá sé sin mídhleathach, mar ní féidir druga a thabhairt isteach tríd an phost gan ceadúnas, is cuma misoprostol nó paracetamol bheith ann.

Sin an fáth a bhfuil an léirsiú ann. Díreach mar a fuair mná agus fir coiscíní tríd an phost go mídhleathach sna seascaidí agus sna seachtóidí - ba chuma pósta, neamhphósta nó dóite iad - tá na piollaí anois mídhleathach trí phost. Ach tá daoine a  bhfáil tríd an phost, ina ainneoin sin. In amanna ní thagann siad chuig an tairseach, áfach. 



Ar ndóigh, ní sa tírín seo amháin a  bhfuilthear ag iarraidh an bhroinn a rialú. In Texas tá an fhadhb chéanna ag mná agus an réiteach céanna acu - an teorainn a thrasnú. I Meiriceá Theas agus i Meiriceá Láir tá mná ann a cuireadh i bpríosún mar gheall air seo, bíodh is gur ginmhilleadh a bhí acu nó breith anabaí  a shíl daoine a thug siad orthu féin.

Stáisiún Uí Chonghaile. 2.30. Bí ann.






Monday, 20 October 2014

Mí na hailse - Bearradh

http://turasailse.blogspot.ie/2010/01/bearradh-thuig-me-go-raibh-mo-ghruaig.html
Bíonn beagnach gach bean ar labhair mé léi sásta smacht de chineál éigin a fháil ar ais thar a saol i rith cóir leighis don ailse. An ceann is coitianta ná go ndéanann siad an cinneadh an ghruaig a ghearradh sula a dtiteann sí amach leis an chéad chemo.



Bearradh 



Ribí nimhneacha
Ag titim go fras
Ina bpunainn,
Leisc roimh an bhlagaid
Ag iompú ina leisc
Roimh an bhlaosc phianmhar nimhneach.

Níl ailse orm
Nuair atá me ag caint le daoine.
Bhí ailse ionam
Gur ghearr siad amach í,
Gur chuir siad ceimicí ina háit,
A rinne tinn mé,
A dhéanfas tinn mé tamall eile,
Go cionn tamaillín.
Ach tá an saol gearr
Agus imeoidh an mhúisc seo
Agus beidh mo shaol gearr ar ais agam.

Ribí ar an urlar,
Carn beag
In onóir na sláinte.
An rasúr
Ag sciorradh,
Ag cur deiridh
Le ré na flúirse.
Fómhar bainte
Snip.
daoine ag siúl ar an tsráid,
gan an dara spléachadh.
Snip.
daoine ag caint liom mar a bheadh duine fásta ionam.
Snip.
daoine ag plé liom go réchúiseach.
Snip.
ag siúl i measc daoine go hanaithnid.
Snip.
mo shaol mar a bhí.
Snip.

Ach seo mise go fóill,
An mise a bhí ann roimhe,
An mise a dhéanann dinnéir réidh don chlann,
a dhéanann liostaí don siopadóireacht,
a ghlanann an folcadán,
a níonn is a thriomaíonn éadaí,
a bhronnann barróg ar an mhadadh,
a chuireann an cat ag crónán le cuimilt,
a thugann comhairle do na daoine óga
(Cuma an éisteann nó nach n-éisteann).

Ach ní ise atá ann anois i súilibh dhaoine,
Ach an duine eile sin…
An duine tinn.
An bhean bhlagaideach.
Méara páistí agus súile móra dhaoine móra
Ag díriú ar an chuid is lú
Den mise.

Friday, 17 October 2014

Mí na hailse - ceisteanna seafóideacha




Tá mé i ndiaidh roinnt agallamh  a dhéanamh le grúpaí raidió pobail an mhí seo. Daoine óga a chuir na hagallaimh orm don chuid is mó. Ach bhí cúpla duine níos sine i gceist, agus níl a fhios agam an é Asperger nó Aineolas a chuir orthu na ceisteanna a leanas a cheapadh:

1.
An bhfuil tú sásta nach bhfuair tú bás ón ailse?

Freagra:
Tá.

2.
An raibh do mhuintir agus do chairde ag tacú leat?

Freagra:
Léigh an bleeeeedin’ blag, agus an cnuasach véarsaíochta, a chroí. Déan do thaighde. Fanann roinnt daoine leat, tréigeann daoine eile thú, agus déanann tú cairdis nua.

3.
Conas ar mhothaigh tú nuair a dúradh go raibh ailse ort?

Freagra:
Nár léigh tú anblag seo sular tháinig muid ar aer?

4.
Ar chuidigh Dia leat ar do bhealach tríd an rud ar fad?

Fregra:
Is léir nach ndearna tú do chuid obair bhaile, a chroí. Ní chreidim go bhfuil aon dia, Dia ná Cia ann.

5.
Conas ar mhothaigh tú nuair a chaill tú do ghruaig?

Freagra:
Ó, ffs. Léigh an blagdéan taighde nó cuir na ceisteanna chugam roimh ré le spléachadh a thabhairt orthu, an ndéanfá é sin, le do thoil?

6.
An tuin urramach

Freagra:

Seo an rud a bheirim ar an tuin sin sa ghlór a thagann ar dhaoine nuair a chluin siad go raibh ailse orm. Íslíonn an ton agus labhraíonn siad go mall. Bhí mé tinn, a dhaoine, ní bhfuair mé bás. Nach bhfuil mé ag caint leat anois féin? Tá m’intinn friochta ag an chemo, cinnte, ach tá go leor de fágtha agam gur féidir liom comhrá leathchéillí a bheith agam leat go fóill.

Thursday, 16 October 2014

Mí na hAilse - Folt

http://turasailse.blogspot.ie/2010/03/folt_12.html


Folt

Tá folach mo náire imithe,
An folt a chlúdaigh m’anam ón domhan mhór.
Folt ar chaith mé airgead air,
Folt ar chaith mé cúram air,
Folt a ndearna mé neamhaird air,
Is anois tá sé imithe.
Mo nochtú go smior,
Comhartha galair doshéanta,
Bratach ar foluain don trua agus don eagla.

Sciorrann súile uaim go faiteach,
Aiféaltas roimh mo náire,
Náire a chlúdaím
Le nach leáfaidh m’anam
Amach tríd an chraiceann bhándearg
Agus síos tríd an ghág sa chasán romham.

Is tá bréagfholt ina áit.
Folt níos finne.
Ribí díreacha.
Gan breac ar bith ann.
Agus stráinséar i gcónaí foirfe
Ag stánadh orm ón scáthán amach.

Agus coinním súil amach
Do na bréaga eile
Ar an tsráid...
Ag stad an bhus...
I siopaí...
Folach náire a théann anamacha dhaoine eile
Agus a chuireann stop leis an stánadh,
Le ceisteanna leanaí,
Le fearg ár bpáistí,
Le teitheadh fir,
Le fáisceadh ban,
Le deora carad.

Tuesday, 14 October 2014

Céim siar



Céim nach céim í.

hIarradh ar sheisear mac léinn - céimithe, mar a shíl siad féin - teacht isteach chuig an Roinn Sínise i Má Nuad inniu. An chéad dream le céim sa Sínis a bhaint amach. Mar a shíl siad. An mhí seo chugainn.

Bhí siad ag súil le scéal faoi jabanna, nó faoin bhronnadh céime atá le bheith ann i gcionn coicíse, nó faoi chúrsa iarchéime. Ag gach duine acu a n-aisling féin.

Seo í an chéad bhlain de chéimithe sa tSínis. Seo iad an chéad dream le teacht amach as an chúrsa B.A. Ach níl siad ag teacht amach go fóill beag. Dúradh leo nár cuireadh a gcuid tráchtas fochéime ar aghaidh chuig aon scrúdaitheoir seachtrach. Mar sin de ní féidir an chéim a bhronnadh orthu go dtí go ndéanfar é sin. I Mí Eanáir 2015.

Ní hé seo an chéad mheancóg ag an dream seo. Bhí rogha ag mic léinn dul ar chúrsa Sínise sa Sín féin don tríú bliain den chéim, nó dul ag obair sa Sín. Na daoine a roghnaigh an obair, fuair siad amach go mall sa dara bliain nach raibh an féidireacht sin ar fáil a thuilleadh, agus nach mbeadh bliain sa tír ar fáil acu muna raibh siad sásta agus ábalta (ó thaobh airgid de) freastal ar ollscoil i mBeijing. Agus gur céim trí bliana in áit ceithre bliana a bheadh acu dá bharr.

Bhí an ollscoil glic. Níor scríobh siad chuig na mic léinn seo. Chuir siad glaoch ar na mic léinn seo. D'iarr siad orthu theacht isteach chun labhairt leo. Níl aon rud i scríbhinn fós. Beidh le feiceáil.

 Ach más Sínis atá uait mar abhar céime, mholfainn duit gabháil áit éigin eile.



Sunday, 12 October 2014

Mí seo na hailse - scian


Ar an Bharda Sceana



Gol na gcíocha gearrtha.
Caoineadh ciúin sa dorchadas.
Linn féin.

Gan chéile,
Gan chlann,
Gan chúram,
Muid féin lenár machnamh dorcha,
Gruama.



Ar leathchíoch,
Ar ainchíoch,
Nó ag fanacht
Ar an scian.

Siúracha siúráilte
Ag dáileadh piollaí suain,
Nach ndéanann feidhm
Don imní ná don chumha.
Ní dhéanfaidh faic feidhm anseo
Ach am.


Friday, 10 October 2014

Mí na hailse - lucht na n-eagraíochtaí


Ní miste liom an mhí seo agus an fústar is an fútráil uilig fá ailse. Ní chuireann sé isteach ná amach orm. Ach gurb é an t-aon rud amháin ...

Bhí mé ag tabhairt faoin oigheann a ghlanadh tráthnóna inné. Buidéal 'Flash' i mo láimh agam. Tháínig cnag ag an doras tosaigh.
'Haló!' a deirim, ag féachaint ar an bhean óg taobh amuigh, a bhí ag díol leictreachais nó gais nó líne iontach teilifíse nó leathanbhanda.
'Haló! Tá tú i lár rud éigin tabhachtach.' ag breathnú ar mo chuid 'Flash'.
'Tá. Sorn. Bhí an mhuintir óg ag amharc ina ndiaidh féin.'
'Bhuel, tá mé le Cumann Ailse na hÉireann.'
D'ardaigh mé mo láimh chlé, an lámhainne ó ionga go gualainn uirthi.
'Bhfuil ceist agat?' a deir an bhean óg.
'Níl.' Ardaím an lámh arís. 'Limféidéime.'
'Cad é?'
'Limféidéime. Faigheann roinnt againn é i ndiaidh dul faoi scian. Ailse. An Cumann Ailse. Na hÉireann.'
'Ó. ' Agus sheas sí ina staic. Ach ansin, 'Tá a fhios agat faoin obair mhaith a dhéanann an Cumann, mar sin.'
'Tá a fhios, a chroí. Ach tá a fhios agam chomh maith go bhfuil siad ag díriú ar thaighde na laethe seo seachas ar na daoine le hailse.'
'Ó.' Agus ansin, 'Ach tá na Seomraí Lus Cromchinn agus na seirbhísí sin go maith, nach bhfuil.'
'Tá, cinnte. Is mór an trua go bhfuil daoine ag brath ar eagraíochtaí deonacha chun seirbhísí a chur ar fáil ar cheart bheith ar fáil ó cheart.'
'Ó.' Agus ansin, 'Bhuel, tá seirbhís nua acu, Care to Drive, an bhfuil a fhios agat faoi sin?'
'Tá a fhios, a chroí. Daoine a thiomáint chuig an ospidéal le haghaidh a gcuid cúraim mar nach bhfuil seirbhís ceart otharchairr againn.'
'Ó. Agus an mbeifeá sásta caoga cent in aghaidh an lae a thabhairt don tseirbhís sin?'
'A chroí, tá buicéad agam taobh thiar den doras seo. Caithim mo chuid pingneachaí isteach ann agus tugaim síos chuig lucht ARC é anois is arís, an buicéad céanna.'
'Ó.' Agus ansin, 'Ní bheadh suim agat ordú seasta a eagrú liom, mar sin?'
'Ní bheadh, a chroí. Níl mé in ann bheith ag obair mar bhí, ó bhuail an ailse mé.'
'Níl mórán daoine fán eastát seo i rith an lae, tugaim faoi deara. Beidh orm teacht ar ais níos moille. An bhfuil daoine anseo uilig ag obair?'
'Níl a fhios agam faoi sin, a thaisce, ach tá triúr ar an eastát seo ag freastal ar chúram ailse i láthair na huaire. Seans gur thóg Care to Drive chuig an ospidéal iad.'
'Ó.'

Thursday, 9 October 2014

Mí na hailse - le sruth



Tá páiste (!) liom i ndiaidh gabháil i mbun na múinteoireachta, i scoil dara leibhéil. Ní páiste í a thuilleadh, ach bean óg chumasach. Tá mé ag breathnú uirthi dul amach gach maidin chuig na déagóirí faoina cúram agus ag cuimhniú ar na laethe a bhí. D'imigh sin is tháinig seo.

Nuair a bhuail leigheas na hailse mé, bhuail sé mé go trom. Tá daoine ann agus tagann siad chucu féin in am tráth. Tá daoine eile - mo dhalta féin - agus is athrú saoil atá ann. Tá mé ag teagasc go fóill, ach teagasc daoine fásta. Níl aon 'bí i do shuí, oscail do leabhar, bí i do shuí a Sheáin, leathanach a sé a dúirt mé, bí i do shuí a Shinéad, stop é sin a Liam' ann. Níl aon chruinniú ollscoile a mhaireann trí uair a' chloig agus nach dtagann aon mhaith as ag a dheireadh ann.  D'fhág an radaiteiripe a rian orm agus sin sin.



Ach ní bheinn ar ais ag an phointe seo, fiú, munab an bhean seo, Marie Murphy. Bhí Marie ag obair le Cumann Ailse na hÉireann ag an am. Níl an t-airgead céanna acu anois leis an chlár a choinneail sa tsiúl.

Reathaí Oilimpeach, tá na blianta caite aici i Meiriceá ag obair le daoine a tháinig tríd an leigheas ailse agus a bhí ag iarraidh filleadh ar an sláinte. Aclaíocht, aclaíocht, aclaíocht an mhana a bhí aici, agus atá.

Tá sí ag obair i nÉirinn le tamall de bhlianta anois agus le linn na míosa seo tá sí ag tabhairt cainteanna saor in aisce an mhí seo ar ailse a sheachaint agus ar dhul i ngleic leis an tsaol arís i ndiaidh ailse.


Tá sí ag reachtáil cúrsa anois chomh maith do dhuine ar bith a bhfuil trí mhí slanaithe acu amach as an téatar sceana, chun cuidiú leo teacht chucu féin. Molaim í, Agus molaim aon chúrsa a bheas ar siúl aici. Bulaí mná!

Thursday, 2 October 2014

Más mall...

is mithid
Bricfeasta. Mall. Blasta. Cloich na Coillte, Sa bhaile. Ní thig a bhualadh amach.