Sunday, 7 August 2022

Seanscéalta gan meirg

 

Íomhá le Otto Kubel


Nach maith na seanscéalta a bhfuil meirg bainte daofa. 

Scéalta don aos óg léite ANSEO

Agus Cochaillín Dearg léite i nGaeilge ar dtús agus ansin i mBéarla  ANSEO

Saturday, 16 April 2022

An todhchaí is a bhfuil i ndán, 2022


 Le cúpla mí anuas tá cúpla comharsa óg ag bualadh isteach go rialta chuig an teach. Nó ar Zúm, de réir mar a ardaíonn nó a laghdaíonn líon na gcásanna Covid sa scoil nó sa phobal thart orainn. Suímid sa chistin agus ólaimid tae, agus déanaimid bladráil faoi chúrsaí an tsaoil - bia, ceol, clanna, caithimh aimsire, cúrsaí oibre. I Spáinnis.

Tá siad ag tabhairt faoin Ardteist i mbliana agus cleachtann siad a gcuid scileanna Spáinnise labhartha liom. Cíoraimid cúrsaí a saoil ach ar ndóigh ní iarraim rudaí ró-phearsanta orthu agus dírimid ar na topaicí a bheadh ag teacht aníos i ngnáthbhéaltriail. Níl airgead ar bith i gceist - is cairde agus comharsana iad na tuismitheoirí - agus, le bheith fírinneach, is maith an craic iad na daoine óga. D'fhág mé an mhúinteoireacht dara leibhéal i mo dhiaidh roinnt blianta ó shin agus bhí dearmad déanta agam ar an spraoi agus an dóchas a bhíonn ag baint le déagóirí. Is pléisiúrtha an cúram é.

An tseachtain seo caite bhí an bhéaltriail féin acu. Chas muid le chéile agus phléigh muid cúrsaí a bhí déanta againn go minic roimhe. Agus ina dhiaidh sin shocair muid a theacht le chéile arís chun comhrá neamhfhoirmeálta a bheith againn don bhéaltriail Ghaeilge. Ní raibh mé ag súil leis, ná tá an bheirt acu ag freastal ar Ghaelcholáiste, ach ar ndóigh bhí siad neirbhíseach go maith agus bhí na scoileanna druidte cheana don Cháisc. Ba mhaith liom a rá go bhfuil mé mar aintín altramais acu faoin am seo ach faraor is gaire don Mhamó mé ná don aintín ...

Chuaigh muid siar ar na seanscéalta meirgeacha a bhíodh á bplé againn i Spáinnis: cúrsaí teaghlaigh, bia, caithimh aimsire, staidéir. Thochail muid cúrsaí níos mine ná mar a rinne sna comhráití Spáinnise mar go raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu. Thrácht siad ar an chogadh san Úcráin, chíor siad córas na bpointí. Ansin thug siad beirt freagra ar cheist a bhain stangadh asam. 

Chuir mé ceist cén áit ar mhaith leo cur fúthu nuair a bheidís réidh lena gcúrsaí ollscoile. Gan mhoill, gan smaointiú, tháinig an bheirt acu amach le freagra ag an am chéanna. 

Ceanada, arsa duine amháin. 

An Astráil, arsa an duine eile. 

Mhínigh siad nach bhfaca siad na féidireachtaí céanna ar fáil in Éirinn agus a bheadh acu i dtíortha eile. Agus ar ndóigh, ní bheidís in ann teach a cheannach sa bhaile i mBaile Átha Cliath, ná árasán féin, leis an dóigh a raibh praghsanna tí ag dul in airde i dtólamh.

D'amharc mé ar an bheirt a bhí romham, iad ag tosú amach i mbun an tsaoil, lán spleodair agus lúcháire, ag gáire agus ag cabaireacht i nGaeilge líofa. Ach iad cinnte, dearfa nach raibh todhchaí acu sa tír seo. Mar gheall ar phraghasanna tí. Bhrisfeadh sé do chroí.