Showing posts with label bearna pá. Show all posts
Showing posts with label bearna pá. Show all posts

Friday, 7 October 2016

Bearna agus bochtanú


Tá cúraimí a thógann daoine orthu féin as cion agus grá do dhaoine eile. Níonn siad cuid éadaí an ndaoine eile, in amanna déanann siad smúdáil ar na héadaí céanna, fiú. Déanann siad cócaireacht, hooveráil, glanadh is ní, déanann siad daoine a thionlacan ar scoil agus ar ranganna iarscoile, Siopadóireacht. Teachtaireachtaí den uile chineál.

 Bíonn roinnt acu ag obair ar son airgid chomh maith, lasmuigh de na cúraimí seo. Dochtúirí, múinteoirí, rúnaithe, cuntasóirí, agus dlíodóirí; innealltóirí, gardaí, glantóirí agus polaiteoirí. 
Roinnt acu seo, meastar go ndéanann siad 4 uair a' chloig oibre den obair dheonach seo sa teach sa mhullach ar a ndualgaisí 'íoctha' gach seachtain. Cuirimis 'fir' orthu siúd. 
Roinnt eile, déanann siad 26 uair a' chloig den obair dheonach seo nuair a shroicheann siad baile amach. 'Mná' a chuirtear orthu seo.

De réir ama, trí shaol na n-oibrithe 'íoctha' seo, tá sé suntasach go n-éiríonn bearna sna tuarastail don dá 'inscne' seo. Titeann ioncam na mban agus a bpinsean ag deireadh lae ar gcúl cuid mhór. I ndeireadh na dála, mar gheall ar na cúraimí neamhíoctha i rith a saoil, déantar neamart ar mhná i gcúrsaí fostaíochta, ardú céime san áireamh. Glacaimis go bhfuil bean agus fear ag obair ar feadh a saoil taobh le chéile, ag tosú amach ar an leibhéal céanna leis na cáilíochtaí céanna. Faoi dheireadh an tsaoil oibre sin, beidh 86 cent ag an bhean d'achan euro a ghnothaíonn an fear. Agus pinsean níos lú. Sin an bhearna pá. 86 faoin chéad. Luach seacht seachtainí oibre i ngach bliain.  Bochtanú agus bearna.

In amanna fanann na daoine seo - na 'mná' seo - fanann siad amach ón mhargadh oibre ar fad ar fad i ndiaidh páistí a bheith acu. Mar nach bhfuil go leor measa orthu le go ndéanfar an obair a roinnt - go reachtúil, ós rud é nach bhfuil an cineál eile sin, na 'fir', ag cromadh isteach a ndothain le difir suntasach a chur i gcrích. Níl siad siúd san áireamh sna figiúirí seo fiú - níl i gceist anseo ach mná a oibríonn ar son airgid.

Mar nach bhfuil fostóirí ná fir sásta an roinnt ama/maoine seo a thógáil ar bord, is dócha go mbeidh reachtaíocht de dhíth chun an cultúr bochtanaithe seo a athrú.

É sin nó stopfaidh mná de pháistí a thabhairt ar an tsaol. Agus sula ndéantar gáire faoi sin, bígí ag smaoineamh ar an líon clainne i dteaghlaigh ár sinsear. Agus an líon clainne atá inar gclanna féin. Agus go bhfuil sé inmholta ag bean fanacht go raibh sí go maith sna tríochaidí sula n-éiríonn sí torrach lena chéad pháiste leis an bochtanú seo a mhaolú. 

Bhí mé san Isiltír ar feadh dhá mhí ar na mallaibh. Thug mé faoi deara nár casadh duine ar bith orm a bhí ag obair (ar son pá) go lánaimseartha. Mná agus fir. Oiread agus duine. Ar ndóigh, is stát saibhir é. Tá tacaíochtaí stáit ann i gcúrsaí sláinte agus eile nach bhfuil in Éirinn, a dhéanann an saol  níos compordaí agus a éascaíonn sábháilteacht ioncaim agus nuálaíocht shóisialta. Ach ní tír bhocht í Éire ach oiread. 

Réabhlóid de dhíth. Ceann eile. Tá liosta de na pointí suntasacha gur cheart do bhean a thógáil ar bord ANSEO má tá sé ar intinn aici bheith ag obair (ar son airgid) agus páistí a thabhairt ar an tsaol amach anseo. Tá siad ídéalach go maith, roinnt acu. Ach níl sé chomh fada sin ó bhí cosc ar mhná pósta bheith ag saothrú airgid ar chor ar bith sa seirbhís phoiblí. Bímis dána. Fágaimis marc inár ndiaidh.

Monday, 3 October 2016

Pá, pinsean agus inscne


Ag taighdiú bearna pá na n-inscní domh, tháinig mé ar an seicliosta praicticiúil, chéad-domhanda seo (thíos). Moltaí do mhná atá ag iarraidh an bhearna pá idir na hinscní a sheachaint:


Pointí le cur san áireamh má chinneann tú, mar bhean, go bhfuil obair íoctha tabhachtach i do shaol laethúil agus tuarastal de réir uaire ard inmholta: 
  1. Impleachtaí oideachais: roghnaigh oideachas tríú leibhéil i ndiadh scagadh a dhéanamh ar éileimh agus ag meas an mhargaidh sna blianta atá le theacht       
  2. Oideachas d'ardchaighdeán - faigh na píosaí páipéir    
  3. Aimsigh earnáil a íocann go leor (sin cúram páistí amach as an áireamh...) agus ina bhful féidireachtaí páirt-aimseartha (a íocann go maith) ar fáil 
  4. Scileanna leathana - roghnaigh slí bheatha ina mbeidh tú in ann na scileanna a aistriú ó phost amháin go post eile más gá   
  5. Aimsigh páirtnéir a thacaíonn leat i do roghanna oibre agus cúraim. 
  6. Aimsigh páirtnéir a bheas lánsásta comhoibriú leat le cúraimí an tsaoil sa teach agus sa teaghlach 
  7. Tosaigh in obair pháirt-aimseartha agus ná tóg am saor amach uaidh
  8. Roghnaigh comhlacht mhór a chuireann creche ar fáil
  9. Roghnaigh comhlacht gar do do theach féin, rud a éascós cúrsaí taistil agus a chuideoidh leis an chothromú idir do shaol fostaíochta agus do shaol baile
  10. Pléigh  do thuarastal le d'fhostóir ag gach céim nua de do shlí bheatha 
  11. Labhair faoi do shlí bheatha go rialta le do mhuintir. Tá do shlí bheatha tabhachtach.         
  12. Lean leat ag foghlaim i rith do shlí bheatha chun scileanna nua a ghlacadh ar bord. 
  13. Coinnigh súil ar do phinsean.



Stopaigí den gháire - nó b'é sin gol?