Showing posts with label Bridget. Show all posts
Showing posts with label Bridget. Show all posts

Tuesday, 27 August 2013

Bridget



 

Tá sí marbh, buíochas mór le Mor, mo mháthair bhocht. Mhair sí fada go leor ag fulaingt agus i bpian, ach tá deireadh leis sin ar fad anois. Tharraing siad siar na píobáin is na málaí leachta a bhí á coinneáil anseo linn í agus tugadh cead a cinn di imeacht.

Chaith sí sé seachtainí san ospidéal. Bhí a muintir isteach is amach chuici go mion minic. Buntáiste amháin le clann mhór.

Rugadh í sa bhliain 1925. Chonaic sí an dara cogadh domhanda agus an Blitz i mBéal Feirste. Bhíodh leabhar ‘rations’ do bhia aici ón am sin, agus cleachtadh aici ar easpa bi, rud a bhí úsáideach aici ag tógáil clann mhór ar bheagán airgid sna seascaidí.

Thóg sí a clann le linn drochbhlianta na dTrioblóidí agus ar nós gach máthair eile san am sin bhí sí imníoch agus scantraithe faoin clann go minic le linn na mblianta sin.

Bhí uirthi féin an scoil a fhágáil ag aois a ceathair déag agus dul ag obair i monarcha fúála líneadaigh. Thuig sí gur ualach éadrom é an t-oideachas agus bhain sí leas as an chóras nua a thug deontaisí do scoláirí agus deis dúinn féin freastal ar oideachas tríú leibhéil.


Tá a fhios ag daoine aitheantais liom nach duine ceartchreidmheach mé. Agus mé ag  dul amach an doras tosaigh aici, ba ghnáth léi braon uisce beannaithe ó Chnoc Mhuire a chaitheamh ar m’éadán, ag súil le gal a fheiceáil ag éirí ó mo chloigeann. Mise chomh maith.

Chomhlíon sí an saol a raibh sí ag súil leis. Phós sí. Thóg sí clann. Chuaigh sí chuig Seipéal Naomh Phóil gach lá chun ‘labhairt le’ Naomh Iósaef faoi cibé caidé a  bhí á cra.  Saol gonta, saol simplí.

Cronaíonn a clann anois í. Mor leat, a Bhridget Uí Chuinn.