Showing posts with label angelus. Show all posts
Showing posts with label angelus. Show all posts

Thursday, 9 May 2013

Clog an aingil

ARC Postcard Campaign
http://www.abortionrightscampaign.ie/


Bhí mé sa charr an lá eile ag gabháil ag obair - ar a sé a chlog tráthnóna - nuair a bhuail clog an aingil ar Raidió Éireann. Dhá bhuille déag den chlog. Aingeal Dé ag inse don phobal dílis paidir a rá.

Ní bhím ag éisteacht leis an raidió aon áit eile, beagnach, seachas sa charr. Is ansin a éistim le Joe Duffy, nó Marian Finucane, nó Rónán, nó Barrscéalta. Bíonn an raidió ina chara agam, ag comhrá liom agus mé ag dul ó A go B. Ach an tseachtain seo mhúch mé an raidió nuair a bhuail an clog.

Tháinig an fhearg aniar aduaidh orm, rud nár mhothaigh mé faoin chreideamh-gan-iarraidh le fada. Bhuail sé liom go raibh mé i ndiaidh dul siar in am.  Rinne mé an clog a cheiliúradh go minic ar scoil sna seascaidí. Chaitheamar gach meánlae ar ár nglúine ag na mná rialta, ar a dó dhéag, paidrín á rá againn sa seomra ranga. Bhíodh iontas orm a leithéid bheith ar an raidió sna seachtóidí, mé i mo pháiste a bhí i ndiaidh  teacht ón stáitín ó thuaidh nach raibh Domhnach ná Dálach ceiliúrtha againn ar na haerthonnta. Bhíodh fearg orm go mbíodh a leithéid curtha ar an raidió náisiúnta sna hochtóidí nuair a vótálamar sna reifrinn ghinmhillte  éagsúla. Tréimhse binbeach corrach a bhí ann sa tír seo.  Mhaolaigh ar an fhearg de réir a chéile sna nóchaidí -  bhí mé róghnoitheach le mo chlann féin. Agus ní thig leat do shaol uilig a chaitheamh go feargach.

Ach tá an fhearg ar ais ina rabharta, go háirithe agus na heaspaig i mbun poileimice. Dá mbeidís ag cloí leis na séipéil chun labhairt lena dtréad ní bheinn chomh suaite. Ach ar ndóigh tá na séipéil folamh ar an aimsir seo, a bhformhór. Ach bhí lucht umhlaíochta acu riamh, mar chléir, agus is deacair nós a bhriseadh.

Ná déan nós, ná bris nós an seanfhocal is amaidí dar chuala mé riamh. Sa chás seo, b'fhearr liom an nós seo a fheiceáil briste agus clog an aingil buailte ó na séipéil, chan ón chraoltóir náisiúnta.