Showing posts with label creideamh. Show all posts
Showing posts with label creideamh. Show all posts

Wednesday, 19 February 2014

scoileanna agus scolaíocht


Cuireann an cás seo i gcuimhne domh mar a rinne an ghaelscoil sa cheantar agam féin déileáil le mo mhac. B'aindiachaí é. Is aindiachaí é. Is aindiachaí é go cinnte ó shroich sé na déaga. Agus fiú roimhe sin, bhí troid ollmhór agam é a fháil chuig an eaglais don chóineartú. Is agnóisí mé féin - ní raibh ann ach go raibh mé ag iarraidh suaimhneas i mo shaol le Granny, Granda, Mamó agus Daideó. Bhí sé ag iarraidh 'Satan' a thabhairt air féin mar ainm cóineartuithe ach i ndeireadh na dála shocraigh sé ar rud éigin níos neamhurchóidí. Tomás, nó Proinsias, nó ceann acu sin. Ní cuimhin liom.

Cibé ar bith, dhiúltaigh sé glan tabhairt faoi ranganna creidimh a bhí creidmheach ag gabháil isteach sa scoil dara leibhéil 'ilchreidmheach' gaeilge taobh linn, agus thacaigh mé leis mar bhí a fhios agam gur mar sin a bhí sé, le fada an lá.

Ní raibh an príomhoide ag aontú liom, dar ndóigh. I dtús baire bhí sí ag iarraidh orm an raibh mé 'cinnte' nár chreid mo mhac? Bhí. Bhuel, mar sin, ní fheadfádh sé fanacht sa seomra ranga leis na leaids eile, chaithfeadh sé imeacht chuig rang éigin eile le linn creidimh creidbheasta. Ní sásta a bhí mé leis an réiteach seo, ach i  ndeireadh na dála ní raibh mé ag iarraidh taom croí nó stróc a chruthú domh féin agus thoiligh mé dó seo.

Ar ámharaí an tsaoil, landáil an mac sa rang tíreolaíochta ag an rang chéad bhliana eile don chuid is mó den rang. Is cosúil gurb é an mhana a bhí ag an mhúinteoir tíreolaíochta ná -

'Cuir síos an lámh sin, a mhic-ó. Tá a fhios againn gur chuala tú é seo ar maidin agus go bhfuil freagra na ceiste seo agat. Cuir síos an lamh!'

An dara agus an tríú bliain bhí múinteoir eile i mbun creidimh, agus dúirt sé le mo mhac go discréideach fanacht i gcúl an tseomra agus obair bhaile a thógáil amach le déanamh i rith an ranga. Ní nach ionadh bhí daoine eile ag iarraidh cúlú ón rang creidimh as sin amach. Bhí cailín amháin ag maíomh gur phaganach í, de reir mo chuimhne. Bíodh aici.

Ach d'éirigh an mac dúdóite leis an obair bhaile agus thosaigh sé a ghlacadh páirte sa rang mar fhoinse chonspóide le gach díospóireacht diaga a tógadh. Bhí craic aige féin, ag an rang agus ag an mhúinteoir. Agus bhí sos ag an mhúinteoir tíreolaíochta. Ní raibh a fhios ag an phríomhoide gur mar sin a bhí cúrsaí, ach bhí gach duine sásta.

Leanann an mac leis an spéis atá aige i ndéithe, nó i gcreideamh. Is aindiachaí fós e.

Tá tíreolaíocht mhaith aige go fóill.