Deir na siceolaithe nach bhfuil sárú ar an bhuíochas mar ghléas chun do chroí a ardú nuair a mhothaíonn tú brónach nó faoi ghruaim. Bhain mé triail as straitéis a mholann siad roinnt blianta ó shin, agus ó shin i leith, úsáidim é ó am go chéile nuair is gá. An straitéis a mholann siad ná dialann buíochais a choinneáil gach oíche, agus scríobh isteach ann gach uile oíche sula dtéann tú a luí. Séard atá le scríobh agat ná cúig rud a bhfuil tú buíoch astu, is cuma cé chomh beag suarach iad mar nithe. Cupán deas tae, nó gae gréine ar lá dorcha. Agus de réir mar a aithnímid go bhfuil rudaí inár saol nach bhfuil gruama, is amhlaidh go neartaíonn an intinn ar a chumhacht féin ár spiorad a dheisiú.
Tharla sé domh ag pointe éigin inniu gur aithin mé go raibh lá iontach agam mar gheall ar na rudaí beaga i mo shaol seachas na rudaí móra. Seo iad:
1. Samhradh 2013, ina shamhradh cheart. Bíodh is go raibh tintreach agus toirneach agus báisteach ann inniu, bhí maidin gheal ghrianmhar againn anseo i mBaile Átha Cliath agus dealáin idir na ceathanna. Agus tá me thar a bheith buíoch go ndeachaigh mé anonn go Oideas Gael don tseachtain is deise sa bhliain.
2. Aldi, Bóthar Chnoc an Fhuaráin. Tá polasaí nua acu - iarrann siad ar gach uile dhuine a cheannaíonn alcól de shaghas ar bith an bhfuil siad thar bhliain is fiche d'aois. Istigh ag ceannach buidéal fíona, ba mhór an t-ardú croí an cheist seo a chluinstin curtha orm féin. 'Go raibh maith agat', a dúirt mé leis an fhreastalaí óg, 'ta lúcháir orm gur chuir tú ceist orm nár cuireadh leis na blianta, agus tá lúcháir orm go bhfuil mé sean mo dhóthain leis an bhuidéal seo a ól!'
3. Woodie's, Leamhcán. Tá Margaret ag obair ann, ar chomhaois liom féin (caogaidí). Cúpla mí ó shin thóg sí mo chárta bainc le próiseáil agus thug sí m'ainm faoi deara, go raibh an t-ainm i nGaeilge. Tá Gaeilge ghalánta na Mumhan ag Margaret, agus diúltaíonn sí Béarla a labhairt liom ó shin. Bhí an bheirt againn ag plé Peig Sayers inniu, thar na málaí bruscair is an síol leitís don gheimhreadh. Margaret, Woodie's, Leamhcán.