Showing posts with label Cáisc. Show all posts
Showing posts with label Cáisc. Show all posts

Saturday, 9 April 2016

Um Cháisc i mBéal Feirste, Cuid 2

Cupán tae sa Chultúrlann -

Brabhsáil sa siopa leabhar is fearr ar an oileán - An Ceathrú Póilí. Cártaí ar dóigh acu, leabhair i nGaeilge agus i mBéarla, póstaeir, bréagáin... 

Sciorradh thart ar thaispeántas na linne i nDánlann Gerard Dillon - 

Suas ar ais an bóthar ansin go dtí an 'Rock' - teach tábhairne a chuireann grianghrafanna maithe amach de na féilte agus paráideanna óna dhíon ar Twitter ar @rockbarbelfast . Dála an scéil, bhíodh an tríú stór ar an Rock fadó ach bhí tine ann agus bhain siad an stór sin de. 
An Rock inniu
An Rock i dtús na fichiú haoise

trasna ón phub
James Connolly arís. Cúlra agus traidisiún eite clé go láidir ag an tuaisceart, rud a fhágann muid fuar ar phlamás na bpáirtithe láir/láirdheis sa deisceart. 

Arís, íomhá rómánsúil ar mhná ach bhí cearta ban curtha chuig cúl an scuaine le linn trioblóidí na seachtóidí agus na n-ochtóidí, agus a rian ar dhlithe go fóill. 

Teach ar chónaigh James Connolly ann, díreach trasna ó gheataí na reilige. Nuair a bhí mé óg ní raibh a fhios agam cad a rinne sé ach bhí a fhios agam go raibh duine cáiliúil ina chónaí thart an coirnéal orm, rud a thug misneach. Fiaclóirí atá sa teach anois, má bhíonn tú á chuartú.

James agus Nora Connolly
vótáil go luath agus go minic
Pádraig Mac Piarais

An Phalaistín 
Coinnigh súil ar na siopaí geallglacadóireachta in aon áit ina bhfuil tú. Tacaíonn siad lena gcustaiméirí. Mar an gcéanna anseo - ag tacú leis an phobal agus ag cur 'muriels' in airde ar an siopa. Nuair a bhí mé óg, monarcha uachtar reoite a bhí ann. Sciorrann an t-am...
inniu

sna seascaidí - busanna a rith ar leictreachas 

Sampla maith de na buntáistí a bhaineann le dlúthphobal is ea an siopa seo. Cónaíonn m'athair trasna uaidh. Tá sé sean agus crapálta. Gach maidin téann siad trasna aige agus fágann siad an nuachtaán isteach chuige, agus bíonn comhrá acu leis. Tógann siad liosta teachtaireachtaí uaidh agus fágann siad na hearraí isteach chuige i rith an lae. Fuair sé an dara stróc ar na mallaibh agus bhí siad ar an teileafón go rialta, ag seiceáil go raibh clann nó cuideachta istigh leis, Pobal. Mo bhuíochas leo. Má bhíonn nuachtán nó milseáin nó buidéal uisce de dhíth ort agus tú ag turasóireacht thart ar an cheantar seo, buail isteach chucu.












Tuesday, 12 March 2013

Reoite i Mí an Mhárta



Chuir an postáil a rinne Eoin Ó Riain ar a bhlagsa ag smaoineamh siar na blianta mé.

Bhí mé 21 bhliain d'aois. Bhí mé ag fanacht ag stad an bhus seachtain roimh an Cháisc i bPort na Binne Uaine i gContae Dhoire. Bhí an bus le mé a thabhairt go Cúil Raithin. Traein ó Chúil Raithin go Doire, agus síobsiúl ó Dhoire go Gort a' Choirce le haghaidh cúrsa Gaeilge de chuid na hollscoile.

Agus an mhaidin sin i Mí an Mhárta bhí mé ag fanacht ar an bhus. Tá 'Promanáid' i bPort na Binne Uaine, sráid 'aontaobhach',  a bhfuil siopaí agus caiféanna ar thaobh amháin den bhóthar a shnaidhmíonn siar an cósta, agus an tAtlantach fiáin ar an taobh eile. Gan aon tithe ná balla féin idir tú is na tonnta. Sráid gan trua atá ann i rith an gheimhridh, gan foscadh ón ghaoth ná ón fhearthainn.

An mhaidin seo roimh Cháisc, sneachta a bhí ina luí i gcnapanna beaga fá dhoirse na siopaí. De ghnáth, ní fheictí a leithéid mar go raibh an fharraige sáile fá chúpla slat de na doirse, agus níor lig an tsáile don sneachta fanacht sioctha ar feadh i bhfad. Agus nár mheasa fós nach dúlagar an gheimhridh a bhí ann, ach gile an earraigh.

Ach an mhaidin Mhárta seo bhí na cosa reoite, feoite, fuar, feannta, fliuch, báite. Carghas agus fiche carghas déanta againn ag stad an bhus sular tháinig an bus féin, gan trácht ar an traein!


Sunday, 10 March 2013

Lá na Máthar

An apostle ball on a slice of simnel cake

Níl mé iontach tugtha do 'Lá na Máthar', in ainneoin is go gcreideann mo chlannsa go gcaithfidh siad freastal a dhéanamh air (dinnéar a réiteach dom, ach i ndáiríre b'fhearr liom go ndéanfaidís an hooveráil). Is iarsma ó shochaí na Breataine é, agus iarsma den aicmeachais a chuaigh leis an chultúr sin. Faill a bhí ag na cailíní aimsire éalú ó na tithe móra ar an Domhnach seo, cúpla Domhnach roimh an Cháisc, le císte Simnel ina nglaic acu, lena gcuid máithreacha féin a fheiceáil. Bhí teacht acu ar na huibheacha uilig nach raibh cead a n-ithe i rith an Charghais chun roinnt bheag den saibhreas tí mhóir a bhronnadh orthu sa bhaile bhocht shuarach.
Mar bheidís ró-ghafa ag an Cháisc féin ag tabhairt aire do na huaisle sa teach mór, ar ndóigh.

Níl aon dabht ná go mbhfuil an Domhnach áirithe seo fréamhaithe sa réamhChríostaíocht chomh maith, ná tá an focal 'simnel' fréamhaithe sa Laidin 'similia' (plúr mín). Ach tá seilbh glactha ag muintir na Breataine air agus é ag spréadh anoir orainn inár n-ainneoin.

B'fhearr liom féin i bhfad  Lá Idirnáisiúnta na mBan. Ní chaithfidh tú páiste bheith agat, is leor bheith i do bhean. Is cuma cá n-oibríonn tú - sa teach nó lasmuigh. Is cuma cine, craiceann ná creideamh. Agus ní chaithfidh tú na huaireanta a chaitheamh ag déanamh ocht rollaí beaga dhéag de marzipan as almóinn, siúcra agus ubh sula dtugann tú cuairt ar do mháthair. Siúlóid fhada, nó gloine fíona le cairde/comharsana  ban, nó cupán tae agus leabhar maith mar chuideachta.

Mar fhocal scoir, chuir mé ceist ar m'iníon cad as a dtáinig 'Lá na Máthar'? 'Hallmark', a d'fhreagair sí.