Showing posts with label rogha. Show all posts
Showing posts with label rogha. Show all posts

Tuesday, 12 April 2016

Saol frysk: 1



Bhí lá fada ann inniu, ag eitilit agus ag traein-áil. Uair go leith ó Bhaile Átha Cliath go hAmsterdam, dhá uair go leith ó Amsterdam go Ljouwert. Tchítear dom go bhfuil an tír seo chomh glas le hÉirinn, ach go bhfuil an dreach tíre níos séimhe, níos ciúine. Ach níl anseo ach an chéad lá, ag bogadh sa traein ó fhoirgnimh arda Amsterdam go cúpla muileann gaoithe ar an seandéanamh go feirmeacha scoite i measc na bpáirceanna.

Bhain mé Ljouwert amach agus bhí an fear Frysk - teanga agus náisiúntacht - ansin le fáilte a chur romham, Syds. Tá mé in Kanaalstraat, agus mar a deir sé ar an channa, tá canáil ag ceann  na sráide. Chuir sé féin agus an bhean ar léi an teach ina mbeidh mé ag fanacht, Marije, an-fháilte romham. Tá an teach féin galánta i ngach ciall den fhocal - síleáil arda, soilse ardnósacha traidisiúnta, seomra te teolaí.

Ach ar an traein, bhuail sé mé go raibh mé anois i dtír a raibh níos mó cearta agam thar mo chorp féin ná mar a bhí sa bhaile. Tá mé féin i bhfad thar aois iompar clainne, ach tá mná óga sa bhaile atá ag agóidíocht ar son a gcearta anois féin, díreach mar a bhí mé féin, tríocha bliain ó shin.Tá iníon agam a bhfuil an truflais ceannann céanna le glanadh amach as a bealach le bheith ar chomhchearta lena SeanMhamaí dhóite. Ní áit ar bith é bunreacht dá leithéid.

 Chonaic mé mná ag dul abhaile ar an traein ón obair anseo san Isiltír agus fios acu go raibh siad féin in ann cinneadh a thógáil ar a gcoirp féin, an focal draíochta sin, 'rogha', acu. Mar i deireadh na dála is ceist rogha í. An rud is toil le gach bean ag an mhóimint sin ina saol. Gan cás, cíos ná cathú. Agus cibé rogha a ghlacann sí, ginmhilleadh nó iompar clainne go téarma, ar cibé fáth atá aici féin, sin sin.

Sin an rud a chonaic mé ar an traein inniu.

Saturday, 26 September 2015

Rogha


Muna roghnaíonn tú rogha ná bí buartha, ní éileofar rogha duit nach rogha é. Sin  rogha. Bhí muid ag siúl inniu arís. 

Bhailigh daoine ag an ghnátháit - Cearnóg Pharnell

Bean atá ag agóidíocht ar son cearta ban le fada - Ailbhe Smyth







Bhí málaí le go leor daoine chun aird a tharraingt ar an dosaen ban a théann anonn go Sasana gach uile lá den bhliain.

Chuir an bhean óg ón Danmhairg suntas sa dealbh seo

Fuair muid bualadh bos ó na turasóirí ar an bhus


Grúpa ó Asturias a tháinig anall le tacaíocht a thabhairt

Asturianas ag ceol agus ag damhsa

Madaidh na sráide ag teacht amach...




Deireadh déanta. Lá peata. Scaifte bocht. Spíonta.

Wednesday, 23 September 2015

Grianstad agus athruithe



Thóg mé amach na buataisí geimhridh inné. Thochail mé mo bhealach go cúl an chófra agus d'aimsigh mé iad, agus d'aimsigh mé na héadaí troma chomh maith. Táimid díreach tagtha chuig grianstad an fhómhair agus an geimhreadh dorcha romhainn. Mothaím SAD cheana!

De réir mar a bhí mé ag bogadh éadaí éadroma amach as mo vardrús agus ag cur na n-éadach trom ar crochadh ar ais isteach ann i ndiaidh a saoire ró-ghairid i mbliana, smaoinigh mé ar léachtóir a bhí agam ar Ollscoil Uladh. Léachtóir le Gaeilge a bhí ann ach an-taithí aige ar an Spáinn agus Spáinnis. Bhí muid sa phub an oíche seo - d'ól léachtóirí agus mic léinn le chéile san ollscoil úrnua seo ar imeall na farraige móire, rud a chuir ort bheith cúramach faoi cén leithscéal a d'fhéadfá a úsáid nuair a bhí do chuir aistí mall ag dul faoina ndoras-sa...

Dar leis, bhí na Spainnigh léannta, cultúrtha - agus ceann de na sainchomharthaí a bhí aige air seo ná an dá fhoireann éadaigh a bheadh ag gach Spáinneach i lár na tíre - éadaí samhraidh agus éadaí geimhridh. Seis meses de infierno, seis meses de invierno.

Agus muide, cosmhuintir na hÉireann, gan léann, gan béasaí, gur chaith muid na héadaí céanna gach bliain, i rith na bliana, geimhreadh, samhradh, sneachta agus grian...

Níor rith sé leis nach raibh an oiread sin éagsúlachta sna séasúir againn in Éirinn is nárbh fhiú na héadaí troma a chur i bhfolach ag cúl an vardrúis don samhradh. Samhradh...jajajajaja, mar a déarfadh Spáinneach.

Ach chaith na buataisí cúpla seachtain ... mí... sa vardrús, ar a laghad. Tá siad ag teacht amach don siúlóid Dé Sathairn beag seo chugainn.

Beidh mo chás liom, mar a bhíonn ag 12 bhan gach lá in aerfoirt na tíre seo. Gach uile lá. Gan trácht ar na mná a thugann seoladh Sasanach thall sna clinicí sin i Sasana. Gan trácht ar na mná as na Sé Chontae nach gcuirtear san áireamh sna figiúirí a chuirtear ar fáil ach nach bhfuil in ann teacht ar an seirbhís sa tírín sin ach an oiread. Bíonn ualach le hiompar acu siúd chuig an aerfort fosta.

Is cuimhin liom gur in Ollscoil Nua Uladh a chuala mé faoi mhná a raibh ginmhilleadh acu don chéaduair. Deireadh na seachtóidí, tús na n-ochtóidí a bhí ann. Bhí a fhios againn go raibh a leithéid ann, agus go raibh a leithéid ar fáil. Ach:
a) tógadh inár gCaitlicigh muid agus ní raibh ginmhilleadh ar an radar againn, díreach frithghiniúint (go ciúin, náireach ar ndóigh). Fiú an corrPhrotastúnach inár measc, ba den dream dian, doicheallach iad agus ní thabharfaí aon mhaithiúnas don bhean a 'lig síos' í féin - agus cad a déarfadh na comharsan???
b) in ainneoin íomhá mic léinn (sic) tríú leibhéil, ní raibh an oiread sin léim isteach agus amach as leapacha againn féin ag an aois sin - bhí muid ró-amscaí, ró-aineolach ar chollaíocht agus ar ghnéasúlacht sna laethe sin.

Ach casadh cúpla bean óg orm san ollscoil a raibh ginmhilleadh acu. Phléigh muid é agus labhair muid faoi eadrainn féin i rith an gheimhridh. Go hoscailte, ionraic. Ansin, nuair a tháinig an samhradh, d'imigh gach duine ar ais chuig a dteaghlaigh féin agus thit an tost. 

Wednesday, 16 September 2015

Turas fada



Tá níos mó ná turas amháin sa saol seo ag daoine, agus níl a fhios ag duine ar bith againn caidé an t-ualach atá daoine eile ag iompar ina dturas féin. Tá an rí-ra agus an rúaille búaille ag tosú arís faoin ochtú leasú agus beidh rudaí ráite agus pléite go Lá Eoin Dic.

Tá an stair a bhaineann leis ANSEO

Tá cúpla píosa curtha agam leis ANSEO

An t-am deireanach gur scríobh mé faoin ábhar seo ná 29 Meitheamh 2015

Sin 79 lá ó shin. Tá 948 bean le seoladh baile in Éirinn i ndiaidh gabháil chuig dochtúirí agus comhairleoirí sa tír seo agus ansin chuig comhairleoirí agus clinicí i Sasana ó scríobh mé faoi seo go deireanach. 12 sa lá. 12 ban atá ag ceannach ticéidí le Ryanair agus Aer Lingus agus Flybe  agus ag fanacht ar thacsaithe agus busanna agus metroanna ar an dá thaobh. Nach maith muid?


Iarmhír.... Windows feckin' 10 - níl aireamhán agam a thuilleadh - imithe, ar lár, ar iarraidh, marbh. Bhí na méara (agus na ladhra) amuigh agam dó seo).


Thursday, 18 December 2014

Ag déanamh réidh don Nollaig




'Tiuc-tiuc-tiuc' a deir tú le cearca, nuair atá tú ag iarraidh iad a bheathú nó a bhrostú.
 'Bia-bia-bia' le turcaithe, de réir seanchóipleabhair.
'An chéad toghchán eile' atá mórpháirtithe na tíre seo a rá linn mar gheall ar an phraiseach aréir sa Dáil.



Chuir Clare Daly moladh chun tosaigh chun Leasú a 8 ar chearta na mná ar a corp féin a bhaint siar as an bhunreacht. An leasú seo atá ag cur eagla ar dhochtúirí aon ní a dhéanamh ar chorp mná fiú nuair atá sí marbh. An leasú seo a chuir deichniúr bean trasna go Sasana ar Aer Lingus nó Ryanair nó Flybe inniu, inné agus a chuirfeas amárach.

Mar a dúirt mé roimhe, bhí mé sna fichidí nuair a bhí an toipic seo i mbéal an phobail sna naoi déag ochtóidí. In aois breith leanaí. Níl anois. Tá na hormóin ídithe nó friochta. Tá an bhroinn sciobtha amach.
Ach tá iníon agam sna fichidí. Neachtanna sna fichidí. Mac a mbeidh pairtnéir aige amach anseo, b'fhéidir. Niacha...
Agus tá an amaidí cheannann chéanna ar siúl.



Chuir mé ríomhphost chuig gach Teachta Dála aréir i mo cheantar ag cáineadh an chinnidh a tugadh aréir sa vóta. Vótáil gach duine acu in éadan an leasú a bhaint siar. Fuair mé freagra an-tapaidh ó dhuine amháin acu go han-ghasta ar fad ag míniú go raibh a páirtí-se chun grúpa oibre a chur ar bun i ndiaidh an chéad toghchán eile. Is beag idir páistí agus páirtí, is eagal liom. Litir amháin. Agus is gearr idir seo agus an chéad toghchán eile.


bia-bia-bia...


Nóta: mo bhuíochas le gach duine a rinne combhrón liom (an postáil roimhe seo)


Tuesday, 28 October 2014

An traein mhall 2




Tháinig traein an rogha ó Bhéal Feirste inniu - go mall, leis an fhearthainn agus leis an aimsir stoirmiúil. Ach bhí scaifte againn ag  fanacht uirthi ar chéimeanna Stáisiún Uí Chonghaile. Bhí siad ag tógáil piollaí ginmhillte thar an teorainn ar bhonn dleathach nach bhfuil cead dleathach iad a fháil sa phost ná ó dhochtúir anseo. Níl na piollaí sin ar fáil ar na taobh eile den teorainn ó thuaidh ach an oiread ach is féidir iad a fháil tríd an phost ón chuid eile den Ríocht 'Aontaithe' gan aon agó. £90. Agus is féidir dul i dteagmháil le https://www.womenonweb.org/




Tháinig siad tríd na geataí agus isteach sa phríomh-halla



Ceann de na manaí is fearr liom - arán agus rósanna -  ina mhana acu féin - 


Shlog siad siar na drugaí atá ag déanamh imní don rialtas ach a bhfuil glacadh leo ag WHO (An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte) agus rinneadh an speechifying.



Bhí an stoirm thart. A bhuí le Céard. Bhí sé in am agam siúl a dh'obair.




Saturday, 27 September 2014

Rogha na mBan




Nuair a bhí mé i mo dhéagóir bhíodh 'rogha na mban' againn uair amháin san oíche ag na céilithe. Bhí cead ag mná fir a roghnú le hiarraidh amach a dhamhsa. Uair amháin san oíche. Ná téimis thar fóir agus cead a gcinn ligint leo!

ag fanacht ar eitleán - ginmhilleadh Éireannach.

Chuir bean as Doctors for Choice orm an dtéim chuig na rudaí seo go minic? Inár suí ag na Gáirdíní Cuimhneacháin, taobh le Catherine Murphy - an t-aon Teachta Dála a chonaic mé ar an lá seachas Clare Daly a bhí ag caint -  sular thosaigh an Mórshiúl Rogha, Dé Sathairn, 27 Fómhair i mBaile Átha Cliath. Ní raibh a fhios agam cén freagra a thabharfainn di.Shiúil mé i gcuimhne Savita. Shiúil mé faoi dhó don Lá Dearg - i mBÁC agus i mBéal Feirste. Ach tá mé ag siúl ar son rogha do na mná ó na hochtóidí. Míle naoi gcéad ochtóidí.



Bhí idir fhir is mhná ann, óg agus aosta.


Múinte agus thar a bheith díreach.


Frith-thraidisiúnta - 


agus traidisiúnta - 



Agus lucht an chluiche i lár na pairce - 



Bhí rogha maith póstaer ann - 







agus rogha cainteoirí, 

Speechannaí ag an tús - Alice Mary Higgins


speechannaí ag an deireadh - Clare Daly

Bhí na sluaite ann ó gach cearn







Agus i ndeireadh an lae, bhí sé deas suí sa Phéacóg agus sos a ghlacadh roimh dhul isteach chuig 'Réiltín' le Fibín. Bean eile gan mórán de rogha.