Cuireadh Majella an tseachtain seo caite. Bhí sí i gcoimhlint leis an ailse ó 1999 go dtí 2012. Ní coimhlint ach streachailt a bhí ann le ceithre bliana anuas. Agus le míonna anuas, moirfín gach cúpla bomaite agus gaolta is cairde ag síorfhaire.Go dtí nach raibh sí in ann ól. Mhair sí cúig lá eile.
Na laethe deiridh sin, bhuail sé liom go raibh deireadh saoil níos fearr ag mo chat ná mar a bhíonn ag daoine. Nuair a tháinig Tabby chuig an riocht sin ina saol anuraidh, chuidigh an tréidlia léi suaimhneas a fháil níos gaiste ná mar a ceadaíodh do Mhajella bhocht.
Ag cén pointe a ligimid don leigheas an bua a fháil thar an chorp daonna? Má tá duine réidh le himeacht, idir an phian agus an crá croí, ach coinníonn leigheas an lae atá inniu ann beo é/í, an bhfuil cead ag daoine eile toil an duine sin a threascairt?
Tá a fhios agam gur gort achrannach é seo. Bíonn daoine faoi strus agus in anacair. Agus is deacair smaoineamh ag na hamanna seo. Ach ag an phointe go n-athraíonn meas don duine go dímheas don duine ar leith, tá athbhreithniú de dhíth.