Showing posts with label Rhys Morgan. Show all posts
Showing posts with label Rhys Morgan. Show all posts

Friday, 15 February 2013

2228 radharc ar Rhys


Beidh Dennis thar a bheith míshásta liom. Tá mé chun na geataí a chur in airde arís in éadan lucht tráchtaireachta. Beidh oraibh a chruthú nach meaisín sibh anois chun trácht a fhágáil arís.

An fáth? Postáil a rinne mé anuraidh ar Rhys Morgan. Tá sé ag tarraingt tráchtanna chuige nach tráchtanna iad, ach bruscar le suíomh idirlín istigh i lár báire nó ag deireadh, ag fógairt cearbhachais nó a leithéid. Téim isteach ann gach cúpla lá chun iad a scrios.

Bain anuas a postáil sin, a deir sibh? Ach ansin bheinn ag géillstin don chinsireacht de chuid cibé páirtí atá a dhéanamh. Ní de thaisme atá siad ag díriú ar an phostáil ina bhfuil an leáidín seo luaite, dar liom. Lucht tobac, an dream is mó a thagann chun cuimhne, nó lucht na clinice Burzynski, b'fhéidir.

Cibé ar bith, ar phostáil neamhurchóideach amach is amach, tá 2,228 gcuairt déanta air ó cuireadh in airde é. Meaisíní is mó, déarfainn, as an Iorua (de réir Blogger).

Tá mé buartha, a Dennis, ach tá na geataí ag druidim arís!

Saturday, 28 July 2012

Rhys Morgan agus tobac


Ó labhair mé ar Rhys Morgan agus a bhlag frithchlinice tá rud saoithiúil le tabhairt faoi deara i mo chuid staitisticí. Tá suíomh ar leith ag scannáil an bhlaig cúpla uair sa lá. Níl a fhios agam an é na heocharfhocail 'Rhys Morgan', nó 'ailse' nó ceann éigin eile, ach is íoróineach an mhaise é go bhfuil suíomh a dhíolann tobac ag coinneáil súl ar mo bhlaigín! Bíodh acu, ní bhfaighidh siad anseo ach rámhaille agus buneolas do dhaoine a bhfuil an tobac curtha ar leataobh acu, má bhí siad ariamh á chaitheamh (níor chaith mé totíní le mo bheo).

Monday, 16 July 2012

Aithníonn blagaire blagaire eile

Rhys Morgan

In ómós d'Áine Durkin a chum a leithéid d'fhocal chomh maith agus a chuir i m'intinn é, seo scéal beag faoi bhlagadóir sheacht mbliana déag.

Chonaic mé píosa in Broadsheet inniu faoi airgead a chruinniú le haghaidh cúrsa  leigheas ailse do chailín óg. Bhí an leigheas le fáil in Institúid Burzynsksna Stáit Aontaithe. Agus ag Dia atá a fhios, má tá sé san 'Irish Times', caithfidh go bhfuil sé fíor. 


Bhí an Instiúid, nó daoine ag gníomhú ar a son, ag bagairt dlí ar an bhuachaill scoile mar gur tharraing sé droch-chlú orthu, dá réir féin. Ag tuíteáil agus ag blagadóireacht faoin easpa faisnéise dá leigheas agus an easpa dea-thoradh ar a n-iarrachtaí. I ndiaidh airgead a thógáil ó dhaoine agus a rá leo go bhfeicfí toradh. Is cosúil go ndearna sé taighde a chruthaíonn nach bhfuil a gcuid córas tastálaithe i gceart agus nach bhfuil torthaí maithe ag teacht ón leigheas. Cuimhnigh go bhfuil muid ag caint ar leigheas d'ailse 'doleigheasta' anseo, agus go bhfuil daoine óga agus a muintir i gceist, ag iarraidh mórshuimeanna airgid a charnadh, a chruinniú, a chur le chéile i lár an uafáis chun stop a chur leis an ghalar.


Lean mé an nasc ó Broadsheet go Wikipedia agus fuair mé an-chuid nasc go cásanna dlí ar son na hInstitiúide, ag iarraidh droch-chlú a scrios ó aon taifead poiblí. Ceann de na rudaí a rinne siad, agus iad sa tóir ar an scriosadóir cáile seo seacht mbliana déag, Rhys Morgan, ná a theach a aimsiú ar léarscáileanna Google agus íomhá a chur chuige ...

Ceist agam ar Áine agus ar dhaoine eile - cén Ghaeilge a chuirfeadh sibh ar 'quack medicine'?

Agus i ndeireadh na dála, ár smaointe leis na daoine sin atá sa chás is gur gá dóibh a leithéid d'Institiúid a thaighdiú ar son duine muinteartha leo. Bígí cúramach. Agus go dté sibh slán.