Showing posts with label Byddi Lee. Show all posts
Showing posts with label Byddi Lee. Show all posts

Monday, 25 March 2019

Ard Mhacha na Scéalaíochta

Byddi Lee
Le bliain anuas tá triúr ag feidhmiú leo go díograiseach ag cur Ard Mhacha chun tosaigh sa scríbhneoireacht. Mar tá, Byddi Lee, Alan (gabh mo chéad leithscéal, a Alan, níl mé cinnte faoi do shloinne!) agus Réamonn Ó Ciaráin. Idir an triúr acu cuireann siad Ard Mhacha amach ar líne i bhfíseáin - agus tógánn siad scaiftí isteach dá gcuid oícheanta scléipe.
Eagraíonn Byddi scríbhneoirí Béarla, eagraíonn Réamonn scríbhneoirí Gaeilge agus tá Alan i mbun taifeadta. Tagann na scríbhneoirí. Léann siad a gcuid scríbhneoireachta. Bíonn craic ann, bíonn rogha gach bi agus togha gach dí ann, bíonn físeáin ann ina dhiaidh do na scríbhneoirí, le cur amach ar na meáin shóisialta agus ar YouTube

Réamonn Ó Ciaráin ag cinntiú go bhfuil Byddi faoin spotsholas ceart
Na hoícheanta go raibh mé féin ag léamh, mheas mé féin gur cheart dom mo chuid ábhair a chur in oiriúint don lucht éisteachta - daoine nár casadh duine ar bith le Gaeilge riamh roimhe orthu. Daoine nár thuig go raibh a leithéid ann agus Gaeilge, nó a shíl go raibh sé ina chanúint de chuid an Bhéarla. Nó a dhiúltódh d'Acht Gaeilge. Tá sé tabhachtach í a chur i láthair an phobail.

Tá Byddi agus Réamonn i gcónaí ag cuartú scríbhneoirí nua - is deas leo scríbhneoirí Gaeilge a bheith ina measc. Bhí Seán Ó Farraigh ag léamh ann go dtí seo, Réamonn Ó Ciaráin, agus Máire Dinny Wren
Is féidir teagmhail a dhéanamh le Byddi ANSEO.
.

Sunday, 16 December 2018

Eanáir 5

Byddi Ard Mhacha

Thaisteal mé ó thuaidh cúpla seachtain ó shin, chuig Oíche Splanfhicsin eile in Ard Mhacha. Bhí mé ann roimh an samhradh, nuair a bhí Máire Dinny Wren ag léamh. An t-am sin bhí an ghrian ag soilsiú agus na ballaí Seoirseacha de chloch eibhir ar fud an bhaile ag glioscarnach. An oíche áirithe seo, ag deireadh Mhí na Samhna, ba iad na soilse sráide a bhí ag glioscarnach sa dorchadas, an oíche fuar - ach tirim.

Ní ag tacú ach ag léamh a bhí mé an oíche dubh dhubhach seo, áfach. Ghlac mé grianghrafanna ar an oíche ach i ndáiríre, níl sárú ar an fhíschuntas a dhéantar de gach aon ócáid, físeán a chuirtear in airde ar bhlag Byddi, ANSEO. Beidh grianghrafanna á gcur in airde agam ar an leathanach Facebook agam, ANSEO.

Tá mé ag freastal ar na hoícheanta seo ó thosaigh Byddi agus Réamonn iad a chur le chéile le bliain anuas, agus is léir go bhfuil an oíche ina buacphointe ag an bhaile. Tá ag éirí leis chomh maith sin is go mbeidh an chéad cheann eile ar 5 Eanáir in Iarsmalann an Chontae ar an bhaile, in áit an Mulberry Bistro. Tá siad ag súil le scaifte... Sonraí ANSEO...

Is beag seans ag scríbhneoirí Gaeilge (prós) dul ar an ardán céanna le scríbhneoirí Béarla. Tapaigí an deis, mar is iontach an t-ardán é seo.


Friday, 30 March 2018

Scríbhneoirí Ard Mhacha

Réamonn Ó Ciaráin ar an cheamhara, Byddi Lee i mbun an tí

Fuair mé cuireadh ó Byddi Lee cúpla mí ó shin páirt a ghlacadh sa chéad Oíche Splancfhicsin de chuid Scríbhneoirí Ard Mhacha, agus tá lúcháir orm gur ghlac mé leis an chuireadh. Ba é a rud a tharraing m'aird an chéad uair riamh ná go raibh an léamh le bheith dátheangach. Agus lena chois sin, ba é Réamonn Ó Ciaráin a bhí ag plé leis na píosaí Gaeilge. Is é Réamonn a scríobh leagan den Táin agus ar chuir an t-ealaíontóir Machach Dara Vallely maisiú leis.

Thaisteal mé suas an tseachtain seo caite agus bhí an-oíche agam, i ndáiríre. De ghnáth, nuair a bhíonn na hócáidí seo ar siúl, bíonn cúpla seoid luachmhar i measc na ngnáthchloch éibhir, ach ní mar a shíltear bítear. Bhí an caighdeán an-ard, rud a rinne an oíche an-phléisiúrtha ar fad. Bhí sé thart ró-ghasta - dea-chomhartha.

Ná glac le m'fhocal gur an-oíche a bhí ann, bí ag amharc ar na léitheoirí. Tá an cur síos agus físeáin de na léamha féin ar bhlag Byddi, ANSEO, a bhuí léi féin agus le Réamonn. Fágaim cúpla pic breise thíos.

Beidh oíche eile acu i mí an Mheithimh. Tá súil agam a bheith ann arís, ag éisteacht.

Jay Faulkner


Damien Mallon

Leabhar Damien Mallon

Pamela Brown



Trish Bennett
Karen Mooney
Réamonn Ó Ciaráin

Seán Ó Farraigh
Cathy Carson
Malachy Kelly