Showing posts with label galar dubhach. Show all posts
Showing posts with label galar dubhach. Show all posts

Friday, 4 December 2015

An galar dubhach agus Tamoxifen


 Sláinte agus táinte. Is cuma cad a deir an seanfhocal, ceapadh an nath céanna roimh aimsir na bhFianna agus na bhFinte agus sular stróic siad an Córas Easláinte as a chéile.

Chuimhnigh mé air seo agus mé ag caint le bean ar na mallaibh a raibh cnapáneachtóime aici roinnt blianta ó shin. Sin an obráid ina mbaineann siad cnapán feola amach as do chíoch, ach ní bhaineann siad an chíoch iomlán. Shíl mé féin gur sin an focal a bheadh ann, ach go raibh an téarma rud beag  tuatach, ach nuair a chuartaigh mé an téarma 'ceart' san fhoclóir, nach é sin an focal a léim amach ón scaileán chugam.

D'íoc sí  - nó d'íoc an comhlacht árachais - as an obráid. D'íoc an comhlacht árachais as an radaitéiripe ina dhiaidh. Ní thuigim cén fáth - má tá rud amháin ag obair go measartha maith sa Roinn Easláinte againn, sé an crios iompair don ailse cíche. Ach d'íoc sí. Sé sin, d'íoc an comhlacht árachais sláinte. Mar go raibh sé d'acmhainn aici an táille a íoc leo siúd.

Ok. Níl mé ag gabháil a thosú air sin! Ní sin an fáth gur tháinig sí isteach i mo cheann. An fáth gur tháinig sí isteach i mo cheann ná go raibh muid ag trácht ar na piollaí hormóin a bhí sí ag tógáil. Tamoxifen. De ghnáth, glacann tú na piollaí seo ar feadh cúig bliana i ndiaidh gach cóir leighis eile atá le cur ort. Mar sin a bhí léi.



Bhí sí ag gearáin mar gheall ar phiantaí gan chúis ina géaga. Bhí sí ag freastal ar fhisiteiripeoir ach ní raibh aon mhaith ann.
'Sin an Tamoxifen.'
'An ea? Liostáladh é sin ar an liosta taobh-éifeachtaí ar an leathanach sin a fhaigheann tú sa bhosca.'
'Sin thú, mar sin.'
'Ó. Maith go leor.'
'Ní fiú duit íoc as fisiteiripeoir, mar sin, ní dhéanfaidh sí aon mhaith duit. Is ar an leigheas atá an locht, agus ní shocróidh sé síos go dtí go stopann tú de na piollaí.'
'Ceart go leor.'
Agus lean muid ag ól ár gcuid tae.

Chuaigh an comhrá as sin go dtí rudaí eile go ginearálta. Bhí go leor deacrachtaí beaga aici sa saol, ach bhí rud éigin a dúirt sí liom a las an bolgam solais i mo cheann, rud éigin faoi chomh crua is a bhí gach lá aici.
'Aon seans go mbeadh an galar dubhach ort?'
'Dúlagar? Na bí amaideach. Ní bheadh a leithéid ormsa.'
'Ach is taobh-éifeacht den Tamoxifen-'
'-ná baol air. Ní bheadh aon rud mar sin orm, níl fáth ar bith go mbeadh a leithéid orm.'
Agus d'amharc sí orm mar a bheinn as mo mheabhair (sic).
'Bhí sé orm féin nuair a bhí mé á thógáil. Bíonn sé ar go leor ban agus iad ag tógail Tamoxifen. Seans gur-'
'No. Ní bheadh sé sin ormsa.'
'Amharc ar an bhosca.'
'No.'

Agus b'shin sin.



 Is cuimhin liom na piollaí frithdhúlagráin a thógail le linn domh bheith ar Tamoxifen. Chuidigh siad go mór ach níor chuidigh siad ar fad. Is cuimhin liom an blaincéad trom dubh a tógadh ó mo cheann - go meafarach - an lá a stop mé den Tamoxifen. Is cuimhin liom gur bhlais mé cé chomh milis is a d'fhéadfadh an saol bheith go gairid i ndiaidh domh an Tamoxifen deireanach a thógáil. Léigh mé an leathanach bán a fhaigheann tú sa bhosca.

Monday, 11 May 2015

Catadra


súile chihuaha
D'imigh Casper, Madadh na nIontas, ar ais chuig an DSCPA inniu. Chaith sé trí sheachtain linn, ag ardú meanma agus ag éirí níos muiníní i mbun an tsaoil arís. Thóg muid Casper ar altramas ón DSPCA nuair a fágadh faoi ghlas in árasán folamh é, ag an mhuintir ar leis é i dtús ama.

Bhí sé neirbhíseach agus ag iarraidh cuideachta i gcónaí. Tá, go fóill, agus mholfainn d'éinne a bhfuil madadh acu cheana smaoineamh ar é a thógáil. É sin nó bí réidh don chréatúr tosú a chaoineadh i lár na hoíche leis an uaigneas. Ba ghnách liom dul síos staighre agus an nuachtán a léamh ar feadh tamaill go dtí go dtiocfadh sé chuige féin, agus ansin dul suas staghre arís nuair a bheadh sé socair. Ach bhí sé go breá san oíche nuair a bhí an madadh eile againn - sular uchtaíodh é siúd.


Tuítí Lacha bocht

Cuirim Catadra air mar gur chosúla le cat é na le madra. Is breá leis suí taobh leat ar an tolg. Is breá leis luí faoin ghrian - taobh istigh, sa chistin, ar ndóigh, chan taobh amuigh. Codlaíonn sé cuid mhór.

Tá sé an-tugtha d'anraith bailedhéanta agus do ghlasraí. Tá spraoi ann anois, rud nach raibh ag an tús. Bíonn an-spórt aige le liathróidí agus bréagáin eile de gach saghas.

Tá sé imithe uainn i ndiaidh a thrí sheachtain a chaitheamh linn, ag fanacht ar theaghlach buan anois. DSPCA. Casper. Leath Chihuahua, leath Bichon Frise. Iomlán galánta.

ócé, a mham, ta an lacha marbh. lón anois?