Bhí an tAire gan náire ag gáire ag an fhaire i nDoire aréir... bhuel, seans nach raibh. Ach ní raibh Joe McHugh ná Heather Humphreys ná aon Fhine Gaelóir eile le feiceáil ag an léirsiú inniu taobh amuigh de Roinn an Taoisigh mar gheall ar na hAirí nua sa Roinn-Gaeltachta-gan-na-focail-chuí-acu.
Bhí na paparrazzi ann.
Bhí seanfhundúirí
na Gaeilge ann
... agus ógfhundúirí chomh maith.
Bhí an ghrian ag
spalpadh anuas orainn.
Bhí dea-ghiúmar
ar gach éinne.
Ach níor nocht an tAire Sóisearach ná an tAire Sinsearach ná an Taoiseach a gcloigeann.