Showing posts with label racht. Show all posts
Showing posts with label racht. Show all posts

Friday, 2 January 2015

Racht na hAthbhliana 2015



Tá racht na hathbhliana (na seanbhliana, mar a deirimid féin sa bhaile) fógartha. Ag Dennis na nIarsmaí Teanga.

Bíodh aige. Ach cá háit le tosú? Lucinda agus Eddie agus páirtithe nach páirtithe iad ar chor ar bith? Mná marbha a choinnítear beo le bheith ina ngoradán? Mná ag eitilt anonn go Sasana go fóill le haghaidh ginmhillte?

Ní hea. Mná Newcastle Shasana ag an aerfort i mBaile Átha Cliath ar mo bhealach tríd stáisiún na bpasanna agus na curlers ina gcuid gruaige. Moll mór ban óga sna fichidí, gruaig fhada fhionn, dhubh, rua agus dhonn gach áit, léar mór curlers i ngach folt.

Oíche na Seanbhliana, Oíche na Bliana Úire. Eanáir, Janus, nach ionann iad.

Ní ligfeadh an fhiosracht domh fanacht i mo thost. D'fhiafraigh mé den bhean óg a sheas i mo dhiaidh sa scuaine  -
'Cad chuige na curlers, a chroí, an bhfuil comórtas nó taispeántas ar siúl agaibh anocht?'

An rud a bhí i m'intinn féin, ar ndóigh, ná gur rinceoirí Gaelacha iad ar a mbealach chuig  taispeántas Riverdamhsach don oíche mhór. Tchí tú cailíní níos óige minic go leor ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath lá Feise, curlers sa ghruaig, caite suas i líon mín, na coirníní á gcoinneail slán go dtí go gairid roimh an chomórtas féin. Ghlac mé leis gur troupe rinceoirí a bhí sna mná óga seo a bhí scaipthe go flúirseach ar fad an scuaine.

'Ó', ar sí, 'baineann tú amach iad agus bíonn coirníní agat.' ar sí go pléisiúrtha leis an seanbhean a chuir an forrán cainte uirthi. 'Oíche na Bliana Úire atá ann anocht. Caithfimid bheith cóirithe agus maisithe i gceart chuige sin!'

Is cuimhin liom oíche Shathairn fadó, ar an bhus, blianta fada ó shin. Bhí bean óg eile romham, í maisithe, cóirithe, gléasta go gleoite. Smideadh, éadaí deasa, sálaí arda. Agus curler fánach amháin ina gruaig ar chúl a cinn. Dearmadta. Chrom mé isteach uirthi ar an bhealach isteach chun na cathrach agus cibé oíche mhór a bhí beartaithe aici agus d'inis mé di go ciúin discréideach go raibh laochra amháin fágtha i ndiaidh na bhFiann aici.
'Ó!' a dúirt sí, agus gach fústair fúithi, náire uirthi go bhfacthas mar sin í, agus buíoch ag an am céanna go ndúradh léi faoi sular shroich sí an chathair agus an chuideachta don oíche.

B'shin sin. Níl náire ann a thuilleadh, áfach. Ná tlú te ach an oiread. Curlers mór mílteacha, go dtí an bomaite deireanach. Sin é. Chonaic sibh anseo é ar dtús.  Maraon le pitseamaí ar an tsráid ar Bhóthar na Carraige Báine i mBéal Feirste. Agus más féidir iad a chaitheamh san aerfort beidh siad le caitheamh aon áit. Bullaí mná í féin, mar bhean óg Shasana. Go leor náire ar an domhan seo (fch. thuas)gan bheith náirithe faoi chúrsaí gruaige.

Sin mo racht. Briathar Dé. Briathar BanDé, ar ndóigh. Le curlers.