
An t-am sin den bhliain beagnach buailte linn arís, a bhuí mhór le Mor. Imbolc. Lá le Bhrighde. Lá Mhuire na gCoinneal. Tús an Earraigh.
Nuair a bhí mé níb óige chuir mé suntas ariamh sa fhrása deireanach sin, 'tús an earraigh'. Dar liom, bhí an aimsir chomh fuar feannaideach céanna le lár geimhridh, agus fliuchadh mo chraicinn agam go fóill ag triall soir anoir ó scoil. Ní raibh aon chosúlacht earraigh ann.
Ach tá malairt intinne anois agam, anois go bhfuil mé 'sean', mar a deir mo mhuirín lánfhásta liom. Anois is comhartha dóchais dom ag deireadh dhorchadas an gheimhridh. Mar mháistreas ar an tine (an solas ag pilleadh orainn de réir a chéile), ar an fhilíocht agus ar an leigheas, cuirim fáilte roimh an lá áirithe seo agus roimh fhadú na laethe. Seo 'Nollaig na mBan', i ndáiríre.
Tá a fhios agaibh an dóigh a shleamhnaíonn smaointe ón rud amháin go dtí an rud eile i ndorchadas na hoíche (agus tá neart oíche ann sa gheimhreadh)? Chuir duine ceist orm fá chrosóg Bhríde agus thosaigh m'intinn ag sciorradh. Crosóg Bhríde agus brat Bhríde á bhfágáil amuigh dá beannacht ar oíche na féile, ar nós Mamaí na Nollag don leigheas, ag eitilt thar an domhain os ár gcionn ... crosóg Bhríde agus luachra ... treo na luachra - le héirí na gréine nó ina héadan ... ceiltigh agus treo na gréine ... treo na svaistice ..cén fáth go ndearna na Naitsithe malartú (nó rogha míghrianmhar) ar threo na svaistice ... an malartú atá déanta againn anois ag an svaistice ó chomhartha beatha go comhartha báis ... agus ar ais chuig crosóg Bhríde.
Tús an Earraigh. Níl na laethe chomh fada sin go fóill, ach tá gach comhartha ann go mbeidh!