Nach iad na rudaí ceannann céanna a shíolraíonn díospóireacht i gcónaí. Ag tabhairt freagra fánach gairid (mar is dual) ar Twitter an lá faoi dheireadh ar thrácht mar gheall ar alt sa nuachtán a bhí mé. Bhí an tuíteáil faoi lánluas ar feadh tamaill go dtí gur theip ar an chomhrá mar gheall ar easpa spáis. In amanna ní leor 140.
Tá an t-alt scríofa ag Muslamach a chónaíonn anseo i nÉirinn a bhaineann le hoideachas Muslamach sna scoileanna. Tá sé ag maíomh gur cheart don chóras scolaíochta freastal ar mhuslamachas go gníomhach. Samplaí a thugann sé ná áit a fháil i scoil Chaitliceach munar Caitliceach í/é an páiste (agus gan scoil neamh- nó uilechreidmheach sa cheantar, ar ndóigh), an Aoine mar chnámh spairne, Ramadan... Tá go maith is níl go holc. Tá na fadhbanna ceannann céanna aige is atá ag éinne nach Caitliceach iad (mé féin san áireamh) ach a chónaíonn i dtír a bhfuil Caitlicigh i mbun mhórchuid na mbunscoileanna go fóill.
Ach an rud a chuir goimh orm ná nuair a thosaigh sé isteach ar mhná/chailíní. Chuir sé romhainn nár cheart oideachas gnéis mar a dhéantar sna bunscoileanna a chur roimh mhuslaimigh. Dáinséir ó stráinséirí agus a leithéid sin atá i gceist ag an leibhéal sin agus ag an aois sin, ach cuireann an clár OCG olc air. Mar go bhfuil sé ag léachtóireacht in institiúidí éagsúla glacaim leis go dtuigeann sé gur féidir le tuismitheoirí páistí a tharraingt siar ó na ranganna seo (ach tá siad dírithe ar an aoisghrúpa atá i gceist - leanaí) ach níl sé sásta. Maíonn sé ina alt gur ag caint ar ghnéas atá an clár. Cár chuala muid é sin roimhe? Oh yeah - grúpaí Caitliceacha, nuair a thainig an clár isteach ar dtús.Bhí an spéir chun titim. Táimid ag fanacht fós.
Bhog sé ó OCG go Corpoideachas. Corpoideachas measctha. Ní ceart do chailíní agus buachaillí bheith ag dul dó le chéile. Dar leis, ba cheart do scoileanna 'employ a female PE teacher and provide students with a sports hall not accessible to men during times when girls are at play. They should also not be visible to men while at play.'
![]() |
http://lovingmantillas.blogspot.ie/ |
Agus scairf ar chailíní. Díreach mar bhí ar mhná mantilla nó hata a chaitheamh ar aifreann sna seascaidí i nÉirinn ach gur tréigeadh é sin thar na blianta. Ach rogha ag mná fós - más mian leo é - ceann a chaitheamh.
Agus is ansin atá an fhadhb agam féin. Is bean mé. Chím gnéithe den chreideamh sa mhuslamachas agus sa Chríostaíocht (agus i gcreidimh eile) nach mbaineann le 'Dia' ach le fuath ban. Go leor fear, ní léir daofa é nó deir siad, 'ach, sin an mhuslamachas/mormonachas/caitliceachas'. Mar ní bhaineann siad leo. Tiomáint cairr san Araib Shádach? Tá sé ag teacht salach ar dhlí Dé. Do bhean. Ag rith i rás ar an tsráid sa Phailistín? Ag teach salach ar dhlí Dé. Do bhean. Bheith i do shagart Caitliceach? Ag milleadh plean Dé. Do bhean. Ag dul amach ar an tsráid leat féin? Haram! Do bhean.
http://islamgreatreligion.wordpress.com/2009/06/22/are-women-allowed-to-travel-alone/ |
De réir mar a thuigim is rud eitneach, cultúrtha é sin seachas creideamh. Athraíonn na nósanna sin ó thír mhuslamach go tír eile mhuslamach. Ó thír Chaitliceach go tír Chaitliceach. Ó phobal Giúdach go pobal eile Giúdach. Srl.
In áit cur leis na fadhbanna uileghabhála ata againn sa chóras scolaíochta, creidim gur fearr creideamh a bhaint as an chóras ar fad. Comharsa Caitliceach amháin, cuireann sí na páistí chuig scoil de chuid Eaglais na héireann agus téann na páistí chuig ranganna creidimh tráthnóna Dé Mairt. Comharsa de chuid Eaglais na hÉireann, cuireann sí a cuid páistí chuig an scoil Educate Together agus téann a cuid páistí chuig ranganna creidimh tráthnóna Dé Luain. Mo pháistí féin, d'fhreastail siad ar ghaelscoil ach faoin deoise Chaitliceach agus tháinig siad abhaile agus phléamar aon cheist a d'éirigh. Muna raibh creideamh sna scoileanna ach sa chistin ní dóigh liom go dtitfeadh an spéir. Tá amanna ann gur fearr níos lú ná níos mó. Do mhná, go háirithe.