| Janet De Vigne |
Bhí mé i nDún Eadainn Dé Sathairn seo caite, chun deireadh seachtaine a chaitheamh i mo thurasóir ann le cara, agus thuigeamar de phreab gur Oíche Rabbie a bhí ann. Neart
| Reilig na mBráithre Liatha |
Bhí an oíche chomh hAlbanach ó thús deireadh. Fuair muid 'dram' - braon (measartha mór) uisce beatha aon bhraiche 12 bhliain d'aois - Jura, i mo chás sa, ach bhí rogha ar fáil. Níl mé tugtha don uisce beatha, ach caithfidh mé a rá gur fearr liom uisce beatha na hAlban ná an stuif Éireannach!
Nuair a bhí an scaifte cruinnithe isteach, shuíomar síos chuig dinnéar. Dúradh an 'altú' roimh bhia
Some hae meat and canna eat, And some wad eat that want it; But we hae meat, and we can eat, And sae let the Lord be thankit.
agus tosaíodh ar an suipéar. Sú breá trom de ghlasraí agus sicín, agus ina dhiaidh sin tháinig an hagaois isteach. Sheasamar agus aithrisíodh Beannú na Hagaoise le linn don lucht freastail turas a thabhairt thart ar an seomra agus an hagaois ar thrádaire, ar taispeáint don lucht ite.
Ach ansin fuaireamar an hagaois agus tuilleadh ar an phláta. Blasta!
| hagaois, neeps agus tatties |
Níl ceadúnas biotáilte ag an Tógra ach moladh dúinn buidéal a bheith linn. Rud a rinneadh. Rud a rinne go leor daoine le go leor buidéal...
| ceol le Sporrandipity... |
Bhí óráidí ann faoi Rabbie agus ba í Janet de Vigne an bhean (bean/duine/pearsa) ab fhearr ag an scéalaíocht, i ndáiríre. Ansin thosaigh an damhsa.
An-oíche go deo, caithfidh mé a rá. An-chraic, an-traidisiúnta, agus lonnaithe sa phobal bheo. Mholfainn é má bhíonn sibh ag cuartú oíche Burns i nDún Éadainn - ach ceannaigh na ticéidí go luath. Beidh rachairt air mar chéilí sna blianta amach anseo.