Showing posts with label eaglais. Show all posts
Showing posts with label eaglais. Show all posts

Saturday, 4 May 2013

buille den bhachall


Tá na heaspaig ag bagairt troda ar na polaiteoirí. Arís. Babhta a dó . Beidh le feiceáil an mbainfidh na polaiteoirí nó na heaspaig.

Ní haon iontas go bhfuil na heaspaig ag teacht amach in éadan na reachtaíochta seo, fiú muna bhfuil aon athrú suntasach le theacht amach as i ndeireadh na dála (sic). Tá Ronan Smullen go tréan ina aghaidh, ach tá Clare Daly chomh maith. Fágann sé sin go raibh Enda agus na leaids iontach glic ar fad ar fad.

Sa bhabhta seo den achrann, tá na heaspaig ag bagairt gur acu siúd atá an smacht thar an chuid is mó de na hospidéil sa stát. Dúirt Seán Brady, Cairdinéal, inné: 


Déan do rogha ruda, a Enda, is againn na hospidéil, ab ea? Ní aontaíonn Rhona Mahony, CeannDochtúir Holles Street leis, ar a laghad, gur faoi stiúir na heaglaise Caitlicí atá an institiúid aicise. Agus má tá na hospidéil ag fáil airgid phoiblí, nach bhfuil an chontúirt ann go ndéanfaí an rud ceannann céanna orthu siúd is go ndearnadh ar na scoileanna príobháideacha, má thógann siad an raic seo níos faide? 

Bígí cúramach, a easpaig, níl an meas céanna oraibh is a bhíodh. Léiriú air seo ná an cheist a cuireadh ar Sheán Brady, Cairdinéal, aréir ar nuacht RTÉ tar éis do na heaspaig an ráiteas a eisiúint. Cuireadh an cheist air an mbeadh daoine ag éisteacht leo, mar easpaig,  agus ag tabhairt airde orthu i ndiaidh an dóigh ar loic an eaglais ar pháistí ar baineadh mí-úsáid astu le blianta fada anuas. Níor fhreastail an cairdinéal ar an topaic seo, ach is spéisiúil gur tógadh an cheist ar fhóram náisiúnta mar seo.

Ar ndóigh, tá dlí na heaglaise Caitlicí á rith in go leor ospidéal príobháideach ar fud na tíre cheana. Fuair mé na feadáin agam féin ceangailte ag aois 33, 'go poiblí', in Ospidéal an Rotunda. Sa Rotunda, an t-ospidéal 'Protastúnach', seachas an Chúm nó Sráid Holles, mar nach bhfaighinn a leithéid déanta orm in aon ospidéal eile sa chóras poiblí sa tír. 

Ach mar go bhfuil an chuid is mó de dhochtúirí/úinéirí na n-ospidéal príobháideach sa tír ina gcoimeadach Caitliceacha, níl aon bhaol go spréifear an cleachtas mí-nádúrtha seo amach ar fud na háite ach oiread.Fágfar na feadáin ar fáil, an mhana atá acu siúd, idir fhir agus mhná araon.

Ar ndóigh, fiú sa Rotunda, ospidéal na bProtastúnach is na bpeacach, tháinig sagart thart chuig mo leaba an oíche roimh dul faoi scian dom. Ar ndóigh, ní raibh a fhios aige cé mé nó cén gnáthamh a bhí beartaithe. Níor chuir mé síos ar an fhoirm go raibh mé i mo Chaitliceach ach an oiread, ach ó bhí sé ar an bharda, ghlac sé leis go gcuirfeadh gach bean ansin fáilte roimhe, ar ndóigh. 

An raibh mé maith go leor? Bhí. Ar mhaith liom paidir a rá? Níor mhaith. An raibh mé neirbhíseach? Ní raibh (fírinne déanta, bhí mé ag tnúth leis an rud bheith thart agus saoirse bheith agam ó bhaol iompar clainne). Ar mhaith liom labhairt faoin chúis a raibh mé istigh? Há! Níor mhaith, go raibh maith agat!

D'imigh sé chuig an chéad leaba eile. Fágadh mé le m'úrscéal (sos ó na páistí!). 

Mar a deirim, beidh an bhruíon seo atá ag teacht idir stát agus eaglais spéisiúil.