An cara a chaith is a d'ól, tá sé seasca dó. Bhí cóisir ag a bhean cúpla seachtain ó shin, ceiliúradh seasca bliain d'aois.. Ach ní raibh aon chúis ceiliúrtha ann, i ndáiríre. hInseadh dó i rith na seachtaine roimhe sin go raibh ailse air a bhí imithe isteach sna nóid limfe. Agus an rud ba mheasa dúinn ar fad, moladh dó gan stopadh de na fags. Ba chosúla le faire ná le cóisir é, agus beidh tuilleadh ócáidí mar sin ann sa bhliain romhainn - breithlaethe, an Nollaig.
An rud atá le déanamh againn ar fad, ar ndóigh, ná gan neamhaird a dhéanamh air sula mbíonnn sé marbh, agus gan an iomarca airde a thabhairt dó sa dóigh is nach mothaíonn sé tachtaithe. Bíonn an claonadh ag roinnt daoine an té atá tinn a thréigint. Agus bíonn claonadh ag daoine eile 'hovermammies' a dhéanamh dóibh féin - ar nós heileacaptair, i gcónaí ann, ag 'hoveráil' i rith an ama.
Am feithimh. Arís.
