| bonn leathchoróin ó 1940 |
'Shawlie' a bhí i mo mháthair mhór. Bean tuaithe a tháinig as an Chorr Croiche i dTír Eoghain agus a lonnaigh i mBéal Feirste. Ach má lonnaigh, níor thréig sí an seál dubh. Bhí a fhios againn faoi seo le fada, ná tá pictiúr di agus an seál uirthi in ArdEaglais Naomh Peadair i mBéal Feirste go luath sna daichidí le feiceáil i gcúpla leabhar a bhaineann le stair Bhéal Feirste. Ach ar ndóigh, níl teacht againn féin air!
| an sparán |
Rud ar tháinig m'athair air ar na mallaibh, áfach, ná an máilín a chaith sí thart ar a coim leis an sparán leathair airigid agus a snaoisín agus cibé riachtanas beag eile a bhí aici istigh ann. Bhí an máilín seo aici sular tháinig málaí laimhe isteach san fhaisean, agus bhí sé de bhuntáiste aici gur choinnigh sé an dá lamh saor leis an seál a choinneáil druidte agus greim a choinneáil ar pháiste! Thuas, tá pictiúr den sparán airgid, lena leathchoróin (dhá scilling agus sé pingine) ón bhliain 1940. Tháinig an sparán ó Lourdes, is léir. Bronntanas ó bhean de na h-iníonacha a chuaigh ann le heagraíochtaí eaglasta.
| an máilín |
Ach tá an máilín i bhfad níos suimiúla ná an sparán, dar liom. Déanta de phíosaí líneadaigh agus píosa eile canbháis, le cúpla píosa gearrtha amach as cadás priontáilte, agus ornáidíocht le snáth trom. Bailedhéanta. Ní raibh lámh iontach aici ag an fhuáil, bail ó Mhor uirthi, rud a lean síos tríd na glúnta! Ach tá an máilín láidir agus tá sé beagnach céad bliain d'aois ag an phointe seo.
| an béal |
Tá treisiú curtha leis an imeall agus leis an bhéal, rud a gearradh thíos faoin chroí a ghreamaigh sí leis an mháilín.Tá na greimeanna mór ach tá siad uilig go léir ann, na blianta fada ina diaidh. Tá an máilín 14 nó15 orlach d'fhad, agus 6-7 n-orlach trasna.
Is píosa iontach é a cheanglaíonn muid leis an chathair fadó, leis na mná tuaithe, leis an am ina ndearna tú gach uile rud a chaith tú, le píosaí a bhí caite ar leataobh sna monarchana agus ar na duganna sa chathair seo. Ba mhaith liom smaointiú gur thug m'athair mór - dugadóir - roinnt den ábhar a cuireadh isteach sa mháilín anseo do mo mháthair mhór. Ach seans nach bhfuil ansin ach maoithneachas. Mar an gcéanna leis an sparán. Chuaigh mo mháthair agus a deirfiúracha go Lourdes leis an deoise cúpla uair, agus aimsíodh ailse ar mo mháthair mhór thart faoin dáta céanna leis an leathchoróin. Níor spáráil an sparán as Lourdes ó bhás luath í, áfach. Ní leigheasann an creideamh gach rud. Ach léiríonn an sparán dóchas, cinnte. Agus tá dóchas tabhachtach.
| cúl an mháilín |