Showing posts with label lymphodema. Show all posts
Showing posts with label lymphodema. Show all posts

Monday, 15 August 2011

ó, na bindealáin, na bindealáin...

An t-am sin den bhliain arís. Trí sheachtain de bhindealú ag síniú amach romham. Trí sheachtain nuair nach féidir liom taisteal a dhéanamh, obair tí a dhéanamh (!) agus trí sheachtain nuair atá an saol an-chúng ar fad. Am bindealaithe.

Chuaigh mé síos inniu chuig Ospidéal San Shéamais agus chuaigh mé isteach chuig an fhisiteiripeoir. Agus rinne sé measúnú ar an lámh agus an sciathán  - feabhsuithe mar gheall ar an obair curtha isteach ag Cumann Ailse na hEireann agus Coach Murphy.
Ansin mhínigh se nach bhféadfadh sé tosú ar an bhindealú inniu mar nach raibh na bindealáin chuí aige...an mbeadh aon cheann fágtha agam féin sa bhaile ón uair dheireanach?.....

Friday, 1 July 2011

leath-orlach eile!

Ag na meáchain aréir le Marie Murphy arís, i gCumann ailse na hÉireann. Leath-orlach eile caillte ón sciathan le limféidéime! Tá sin dochreidte i dtéarmaí gnáththeiripe na staide seo. Agus tá mé fíorbhuíoch di féin, mar Marie Murphy, agus don Chumann. Beidh sos ann don samhradh ach go leanfaimid féin leis an aclaíocht ar ár gconlán féin, agus tiocfaimid le chéile arís i mí Lúnasa.

Bhí troid agam le Marie Murphy an t-am deireanach gur úsáid me an ghraific thuas. Dar léi, ise atá ann. Dar liom, mise atá ann. Ní ceachtar againn í - tá mise ró-mhór agus ise ró-bheag!

Beidh an Cumann ag leathnú an chláir ar fud an oileáin, mar dhea-nuacht. Beidh siad ag tosú ar dhaoine fóirsteanacha a aimsiú leis an traenáil a stiúradh amach anseo. Dar liom, ba cheart go mbeadh an clár ceangailte le gach clinic nó fisiteiripeoir limféidéime sa tír. Ach ina dhiaidh sin, tá mise claonta. Chaill mé orlach go dtí seo gan feidhm orm bheith i mo 'othar'!

Beirigí bua, a Mharie, agus Anne a chuidíonn léi, agus Eimear Cotter ón chumann Ailse!

Tá an

Sunday, 8 May 2011

Mil don anam

Thart fán Nollaig bhí mé istigh ag an phoitigéir cois m'oifige i mBéal Feirste ag ceannach rudaí thar an chúntair nach féidir a fháil gan oideas dochtúra ó dheas - Voltarol (difene), Co-codamol, piollaí truise... Is mó is fiú do mo chuid comharsana liosta a thabhairt domh ná caoga euro a thabhairt don dochtúir, roimh táille poitigéara agus praghas an droga féin sa siopa.

Cibé ar bith, sin mé ansin le mo liosta, agus ansin tugaim faoi deara bosca ar an chúntair le stáin bheaga bhídeacha agus Gaeilge scríofa orthu 'Mil Béalghrá'. Balsam beola déanta le hábhar nádúrtha a bhí ann. Chuir sé iontas orm teacht ar Ghaeilge ar Botanic Avenue, agus cheannaigh mé ceann do m'iníon.

Tá sí ag iarraidh an stuif céanna ó shin, agus cúpla lá ó shin chinn mé a fháil amach an bhfuil rud ar bith acu don chorp a bheadh inúsáidte agam féin don limféidéime. Úsáidim uachtar 'Elave' de ghnáth, déanta in Dún Dealgan, gan parabens ná SLS, ach úsáidim neart uachtair agus ba dheas an t-airgead a rannadh thart ar an tír.

Chuir mé scéala fiosraithe chuig Mil Íocshláinte agus chuir siad freagra ar ais -

A Réaltan Míle buíochas as r.phost a chur chugainn. Maidir leis an cheist a bhí agat, ta Spéirbhean 'Simplí' nua a glacadh amach againn faoi láthair agus tá sí ann do mhná a bhfuil craiceann íogair acu, mar atá lenár dtáirgí uilig beidh gach oideas ann 100% nadúrtha ach ní bheidh bláthóla nó ábhar cumhrachta. Ba choir go raibh sé amuigh i gceann coicise.

Beidh mé ag baint triail as.

Sunday, 20 June 2010

Limféidéime

Réidh le scian, réidh le chaemo, beagnach réidh le radaiteiripe. Agus ansin thosaigh an lámh gan faireoga limfe a dh’at. D’éirigh na méara ramhar, ina n-ispíní beaga. Agus ní raibh mé in inmhe forc ná scian ná spúnóg a thógáil, ná mála a iompar, ná dorn a dhéanamh.

Limféidéime a bhí orm, bail a thagann ar go leor ban – agus fear a mbaintear na nódanna limfe amach ar chúis ailse. Níl aon bhealach amach ag an sreabhán limfeach a chothaíonn an corp sa lámh áirithe sin, agus cruinníonn sé ann. Is gá é a dhíbirt le fisiteiripe, le fisiteiripeoir ar dtús, agus ansin le cleachtadh féinréimis sa bhaile agat féin.

Tuigeann na fisiteiripeoirí a bhaineann le limfeidéime an bhail atá orainn. Fuair mé bindealú ar leith ar feadh sé seachtainí leis an at a laghdú. B’ionann le mumaí mé gach lá ar feadh na seachtainí sin. D’oibir stuif darb ainm ‘kinesiotape’ liom go mór – téip speisialta a bhogann an sreabhán níos tapúla ná na bindealáin leo féin.

Á scríobh an t-alt thuas, cuireann sé cuma shimplí ar an bhail seo. Ní hamhlaidh atá. I ndiaidh dul faoi lámh dhochtúirí ar feadh tamaill fhada, bhí mé traochta idir chorp agus intinn. Bhí mé ag súil le deireadh leighis agus sos beag ó lucht leighis. Ach síníodh an tréimhse , agus ní amháin go raibh cíoch in easnamh agam don chuid eile de mo shaol, ach bheadh gá le freastal ar fhisiteiripe go rialta don chuid eile de mo shaol. Bheadh réimeas leasa i bhfeidhm don chuid eile de mo shaol.

Bheadh deacrachtaí agus teorann agam leis an raon ruda a bhféadfainn a dhéanamh leis an lámh chlé don chuid eile de mo shaol.

Agus bheadh muinchille agus lámhainn mháinliach speisialta le caitheamh agam gach lá don chuid eile de mo shaol, maraon le bindealán gach oíche.

Bheadh comhartha feiceálach orm le cur i gcuimhne domh go raibh ailse orm don chuid eile de mo shaol, agus meabhrúchán soiléir do gach duine eile go raibh mé faoi mhíchumas, don chuid eile de mo shaol.

Tá dochtúirí fíoraineolach don chuid is mó ar limféidéime go fóill. Chuaigh mé chuig G.P. ag cuartú go gcuirfí chuig seirbhís fisiteiripe mé nuair a thosaigh an limféidéime ar dtús, ag míniú dó: 1. Bhí nódanna ar iarraidh. 2. Bhí na méara ag at. 3. Seans gur limféidéime a bhí ann. Chroith sé a cheann, ag rá go raibh mé meallta. Agus níor thagair sé aon chomhairle eile domh.

Ach go raibh na banaltraí cích ann ag an taobh eile den ghuthán bheinn san fhaopach ar fad ar fad, mar níor éist na dochtúirí liom.

Dar le G.P. eile, ní mhairfeadh an míchumas ach roinnt blianta mar go bhfeidhmeodh na nódanna eile ar dhóigh níos éifeachtaí taobh istigh de thréimhse, agus bheadh deireadh le mo chuid bindealán. Dar le dochtúir eile, d’imeodh an t-at i ndiaidh tamaill (…cá háit?). Agus mé ag trácht ar na comhairlí seo leis na fisiteirpeoirí san ionad ailse, bhí siad idir gol agus gáire. Ag déileáil leis an fhadhb gach lá, bhí a fhios acu nach bhfásfadh aon nódanna ar ais, nach ndéanfadh an corp athriocht ar shú an tsreabháin i bhfeidhm, ach go raibh réimeas bunúsach agus feiceálach romham gach lá agus oíche amach anseo don chuid eile de mo shaol.

Lymphoedema: Advice on Self-management and Treatment , Peter Mortimer, Jacquelyne Todd, agus Jenny Valentine. An leabhar is fearr agus is soiléire ar an toipic seo a fuair mé go dtí seo.

Agus focal buíochais do www.focal.ie don suíomh tearmaíochta atá acu. Bheinn caillte gan é.