Bhí píosa sa ‘Sunday Business Post’ inné, ag trácht ar na
bainc agus cinnidh chrua a bheas le déanamh ag teaghlaigh amach anseo. San alt
seo, tagraíonn ‘teaghlaigh’ do na clanna sin a bhfuil athair agus máthair i
gceist agus muirín orthu.
Dar leis an nuachtán, beidh na bainc ag iarraidh ar na mná (=
máithreacha) a gcuid post a ghéilleadh má chosnaíonn cúram leanaí níos mó ná
mar atá siad féin, mar mhná (= máithreacha) ag tuilleadh.
Ar ndóigh, dar leis na bainc (más fíor an scenario seo), seo
bealach éasca leis na leabhair a choimead. M = A = L. Tugann Mná amháin mar mháithreacha
Aire do Leanaí. Ach d’fhág siad cúpla fachtóir ar lár sa chothromóid.
F.
Cá bhfuil na fir sa chothromóid seo? Má chosnaíonn cúram
leanaí mile euro sa mhí, nach dtagann an mhíle euro sin as sparán na beirte? Nó an é nach bhfuil aon
fhreagracht ar na fir as tógáil a gcuid clainne sa bhliain 2013? Rugadh m’iníon
sa bhliain 1987 agus bhí an comhrá ceannann céanna agam lena hathair ó thaobh
airgid agus cúram leanaí de, agus fiú ina dhíneasár déanta agus ina chúntasóir
é, bhí bunghlacadh aige go raibh an bheirt againn páirteach sa tógáil, agus an
bheirt againn freagrach as billí a cúraimse.
G.
Cá bhfuil na heagraíochtaí a ‘chosnaíonn an saol’ ina measc
seo? Má tá bainc i ndáiríre faoin nóisean seo go bhfuil mná agus mná amháin
freagrach as an mhuirín mar nach dtuilleann mná an oiread airgid le fir fiú sa
bhliain 2013, níl ach réiteach amháin ar an scéal. Ní thabharfaidh mná muirín
orthu féin an chéad uair. Agus má tharlaíonn torrach iad, beidh Ginmhilleadh
Éireannach acu – a bhuíochas le Ryanair
nó Aer Lingus. Tús agus deireadh an scéil sin.
Díomá orm, i mbliain seo 2013, go bhfuil a leithéid d’alt i gcló
agus fíor. Díomá orm go n-amharcann bainc ar mhná go fóill mar mheaisíní atáirgthe,
agus díomá orm gur thacaigh polaiteoirí leis an chóras baincéireachta cúpla
bliain ó shin chun go leanfadh na bainc chéanna lena leithéid seo d’amaidí.
