Showing posts with label brón. Show all posts
Showing posts with label brón. Show all posts

Friday, 6 June 2014

Náire

coill na naíonán, Reilig na Cathrach, Béal Feirste


Ní raibh mé chun scríobh faoi na coirp bheaga a fritheadh i gContae na Gaillimhe ar chor ar bith. Tá mé i ndiaidh tréimhse thar a bheith gnoitheach a chur isteach i mo shaol féin, idir an tUasal Neamhspleách sa bhaile agus an tUasal Stróc i gcéin, agus amaidí breise ag an 'centre of excellence' (an t-ospidéal). Shíl mé nach raibh spás ann do thuairimíocht nua uaimse ar rud chomh mór-le-rá agus Reilig an Umair Sheiptigh.

Bhí a fhios agam go mbeadh rabharta feirge ann cibé ar bith, fearg agus brón. Agus tá. Agus nach ceart go mbeadh.

Ach bhí mé ag dul tríd an cheamara a thug mé liom go Béal Feirste ar na mallaibh. Bhuail stróc m'athair le deanaí, agus níl sé in ann dul suas chuig an reilig é féin i lathair na huaire, chun cuairt a thabhairt ar uaigh mo mháthara. Chuaigh mé fein suas agus leag mé roinnt blátha ar an uaigh agus ghlac mé grianghraf de, le taispeáint dó.



Ar mo bhealach amach ghlac mé pictiúirí de chúpla uaigh eile chomh maith.



Agus bhuail sé liom, ag amharc trí na grianghrafanna éagsúla, go raibh fócas ag na daoine a fágadh ina ndiaidh. Áit le dul le brón agus cion a léiriú. Mar bhí mé ag smaoineamh ar na máithreacha ar fad nach raibh a fhios acu cá raibh a bpáistí curtha, i dTuam agus in áiteacha eile ar fud na tíre. Nó má bhí uaigh acu in aon chor.

Agus an leaid a chuir lámh ina bhás féin, bhí sé beo i gcuimhne a mhuintire is a chairde, an áit ar tharla dó bheith leis féin an oíche sin, in aimléis na hainnise.



 Tá fiacha le híoc againn lenár sinsir. Fiacha ómóis agus bróin. Agus caithfimid aire a thabhairt do gach duine againn sa sochaí seo inniu. Gach bean. Gach páiste. Gach leaid óg.  Níl  na laethe sin thart. Dá mbeadh, ní bheadh gá le ginmhilleadh easportáilte. Bheadh fáilte roimh gach páiste. Agus ní chuirfí aon pháiste in umar seipteach nó i mbuicéad nó ar leac clochair.